An Bhinsín Luachra – Corn Uí Riada 2018

Amhránaí

An Bhinsín Luachra

Bhíos-sa maidin Shamhradh a gabháil síos tré Cho an Chláir
‘Gus bhí éanlaith coille ag labhairt liom ar an gcrann is iad ag tiúnáil
Sea do casadh liomsa an sách ba bhreácha is ba dheise snua
Agus thugas searc ‘s gean dhi is gan amhras sí bláth na n-úll.

Maidin aoibhinn uaibhreach ar bhruach na coille glaise breá,
Is mo ghadhar le m’ais a’ gluaiseacht go huasal is mo ghunna im’ láimh,
Sea do dhearcas chughamsa stuairín a gruaige finne ‘gus a muineál bán,
Agus ábhar binsín buainte aici dhen luachair ba ghlaise fás.

Is a chailín bhig na luachra, dá ligfeá-sa do bheart ar lár,
Ar bhruach na coille craobhaí nó ag éisteacht le cuan an ghrá.
Sagart ní bhfaigheadh scéala ná éinne dá bhfuil san áit,
Nó go dtiocfadh an chaint don chéirseach ‘s go n-iompódh an londubh bán.

D’fhéachas ar na cuanta is bhí ann uaigneas agam dar ndóigh
Is do dhruideas le mo stúirín agus d’fhuadíos uaithi cúpla póg,
‘Sé dúirt sí liom go huaibhreach, “Fan suanmhar is ná cuir orm stró,
Is ná scaip mo bhinsín luachra théis a bhfuaireas dá thrioblóid.”

‘S a chailín bhig na luachra bí socair is fan go réidh,
Ní cáil duit a bheith chomh huaibhreach in san uaigneas is tú leat fhéin,
Mar má scaipfeadsa do chuid luachra is dual go bhfuil fás dá héis,
Agus bainfeadsa binsín breá dhuit agus mórchuid mar thuilleadh léi.

A óigfhir cuirim suas duit san deabhas maith a bheith agat liom
Mar is mó cailín sultmhar suáilceach a síor-ghol faoi dhuilliúr crann
Mar go mb’fhearr liomsa seal ag baint luachra ná bheith am ruagairt ó aois go bás.
Is do bhábán ar mo ghualainn is mé cur tuairisc gan tú bheith agam le fáil.

Sí an cailín deas ab fhearr liom sí a bheith lách, banúil, mín.
‘S dá bpósfainn cailleach ghránna mo lámh duit ná mairfinn bliain,
Ach dá bpósfainn tusa, a ghrá ghil, a chúil fáinneach na ndriopall ngliar,
Agus bainfeadsa binsín úr dhuit chomh hálainn dá chonaicíos ariamh.

Nár dheas an cailín seomra í Dé Domhnaigh agus bris ‘na lámh,
Cár dheise ná ‘crú na mbó í, ‘sí mo stóirín í go bhfaigh mé bás
Tharraingeodh sí samplaí coróineach go róbhreá ar éadaigh clár,
Agus cara mo chroí mo rún í, sí mo stóirín í go bhfaighidh mé bás.