Máirín de Barra – Sean Nós na bhFear 2018

Amhránaí

Máirín de Barra

A Mháirín is a mhúirín is a lúibín na gcraobh ngeal
Is cuimhin liom mar do shiúlamar drúchtán an fhéir ghlais
Ar fágáil na n-úll na gcnó is na gcoillte
Is do shláinte níor dhiúltaíos cé gur tinn dubhach liom fhéin san.

A Mháirín de Barra, do mharaigh tú m’intinn
Do chuir tú beo i dtalamh mé i ngan fhios dom mhuintir
Ar mo luí ar mo leaba dhom is ortsa bím ag cuimhneamh
Ach ar m’éirí dhom ar maidin, gur chealg tú an croí ionam.

Do shiúlfainn an ród leat ar lámh i m’aonar
Do raghainn thar sáile gan dhá phingin spré leat
Mo chairde is mo ghaolta go brách brách ní thréigfinn
Ach aon phóigín amháin is a rá gur leat fhéin mé.

Is aoibhinn don talamh a siúlaíonn tú fhéin air,
Is aoibhinn don talamh ina sheinneann tú véarsa,
Is aoibhinn don leaba ina luíonn tú fén éadach,
Is ró-aoibhinn don bhfear a gheobhaidh tú mar chéile.

Do shíl mé tú a mhealladh le briathra is le póga,
Do shíl mé tú mhealladh le labhairt is le móide,
Do shíl mé tú a mhealladh ar bhreacadh na heorna
Ach d’fhág tú dubhach dealbh ar theacht don bhliain nua mé.

Do d’ólfainn ‘s d’ólfainn is do dhólfainn do shláinte,
‘S dá mbeinn ar bord loinge do d’ólfainn níb fhearr é.
Dá mbeinse im’ bhanaltra do d’fhulaingeoin do bhábán.
Siúd ort is ól deoch is Dé bheatha do shláinte.

A Mháirín, glac mo chomhairle is ná téir ar t’aimhleas,
Ná pós aon strainséir fear séite na hadhairce,
Ach gaibh leis an ógfhear a nglaonn siad Ó Floinn air,
Is pós é chun réitigh, sé is toil le do mhuintir.