Cois Abha Móire na nDéise – Corn Uí Riada 2022

Amhránaí

Téamaí

Cois Abha Móire na nDéise

Nach róbhreá an dúthaigh ina mbéarfainn liom thú
Go cois Abha Móire na nDéise
Mar a mbíonn an smóilín is an lon go ceolmhar
Is fia na mbeann dhá dtraochadh ann.
Bíonn torthaí cumhra ar chrannaibh á lúbadh
‘S mil na gciar á taoscadh ann
An chuach gan amhras i dtús an tSamhraidh
‘S an traghan ag labhairt sa bhféar glas.

Ná pós aon smíste de bhodach críonna
Nó beidh sé choíche ag plé leat
Beidh sé ag bruíon leat de ló is d’oíche
‘S ag casadh gníomhartha an tsaoil leat
Nach chuid is a mhaoineach ná tuig i d’intinn é
Nach é seo an fhírinne a dheinim
Ach gaibh le buachaill ó chois Abha Móire
Ná cuirfidh gruaim an tsaoil ort.

Dá dtiocfá anonn liom go cathair Londain
Is róbhreá an tabhartas duit a bhréagfainn
Ó diamonds, jewels, is péarlaí prionsa, is carbuncail dhaora,
Beidh marcaíocht shúgach i gcóistí luatha
Is eacha dubha á dtraochadh
Gach lá breá samhraidh ar shráid mhór Londain
Ag cur slán anonn go hÉirinn.

Abair le do d’athair nó le do d’mháthair
Ó pé acu is fearr leat fhéinig
Nach bhfuilimse falsa bocht ná cráite
‘S ná raghad ar scáth aon scéil leo
Mar thá agam áras fairsing fáilteach
Is lán eastáit de réir san.
Imrím táiplis le fearaibh ghalánta
Lucht Laidin ard is Gréigis.

Ní neosfead dom’ athair nó dom’ mháthairín
Ó pé acu ab fhearr liom fhéinig
Mar ní gnáth san cruach ná stáca
Ag máistir scoláirí in aon chor
Mar thá mé ag rá go bhfuilimse i ngrá leat
Thar a bhfuil ar chlár an tsaoil seo
Seo ball mo láimh duit is gaibh le páirt í
‘S a mhalairt go brách, brách ní dhéanfad.