Pilib Séimh Ó Fathaigh – Sean Nós na bhFear 2019

Amhránaí

Téamaí

Pilib Séimh Ó Fathaigh

Aréir ‘s mé ag machnamh ar mhaoilinn an leasa
Cé chífinn chugham ag tarraingt ach an tsíbhruinneall óg,
A raibh brat cumha léi go talamh, a cuacha gan ceangal,
A géaga léi ar leathadh is í ag síorsileadh deor;
Dh’fhiosraíos féin den ainnir cén tír dhi nó a hainm,
‘An tú síbhean na Craige, Ríon Airt nó Mór,
An tú Áine Chaomh Nic Gearailt gaol dlúth ár gcarad
Atá ag teacht ag éileamh an mharcaigh go dtí Buíchnoc na sló?

’Siúd taobh liom an ainnir, scéimh a crobh mar an eala,
Réalthan gan ghangaid do b’áille ar bith snó,
‘A shéimhfhir, a labhair, ag géarghol ‘s ag caismirt,
‘Réifidh mé do gheasa agus siúlaimid go fóill;
Mise Áine Chaomh Nic Gearailt ó Dhún Aolbhrú na Seabhac
A bhfuil tréanfhuil ag caismirt go dianmhar i mo dheoidh,
Tháim céasta le sealad ó bheith ag éileamh bhur marbh
‘S gurb é Pilib Séimh Ó Fathaigh fáth mo dhubhróin.’

‘Mo léan ‘s mo thuirse, an tréanfhear gan fuinneamh,
Atá daorsnoite i dtinneas, i ríochtaibh dúbhróin,
Nó an féidir go gcuirfeadh an séithleach ort an imirt
Glaofad feasta ar Mhuire is ar Mhaighdean na hÓigh;
Beidh do chéile is do leanbh a’ síorghol go connail
‘Od éileamh, a Philib, is tú sínte gan treoir,
‘S má théann ort an imirt, déan liom ionad coinne,
Is raghad i d’fhéachaint Lá ‘le Muire go dtí an mBuíchnoc ar neoin.’

Is méin liomsa feasta ar do ghaolta-sa labhairt
A shéimhfhir ón ghangaid, a shíolraigh ón bpór
Gréagaigh is Craithigh, is na Paoraigh dob fhearra
Lucht éigse do labhairt, lucht saighead agus treoir
Níl aon díobh ’na mbeathaigh a shéideadh ár ngeasa
Glaoite as diaidh t’ainm sa tír úd id’ dheoidh
Ó shéanais do charaid ag dul faoi bhéil lice i nglasaibh
Mar do chuaigh Phoebus fá scamall san tír úd faoi bhrón.

Is méin liomsa feasta géilleadh dod theastas
Faoin tréanfhuil i gceannas sa mBuíchnoc, dár ndóigh
An tAonmhac i d’ghlacadh i gcomhluadar na bhflaitheas
Ag tabhairt saorbhreith ar t’anam is á shaoradh ó gach brón;
Beannacht Mhaighdean na Flaitheas chuas faoina brata,
Lonradh scabaill na gcros agus na gcorón’,
Beannacht na naomh ‘s na n-aingeal ‘s gach n-aon eile dar thaithíos.
Is mo bheannacht fhéin leat gan ghangaid go Ríocht gheal na nGlór.