Ar Éirinn Ní Neosfainn Cé hÍ – Sean Nós na BhFear 2023

Amhránaí

Téamaí

Ar Éirinn Ní Neosfainn Cé hÍ

Aréir is mé ag téarnamh ar neoin
Ar an dtaobh eile den teora dá mbím,
Do thaobhnaigh an spéirbhean im chomhair
’Dh’fhág mé taomanach breoite lag tinn,
Do gheallas dá méin is dá cló,
Is dá beol tanaí beo mhilis binn,
Do léimeas faoi dhéin dul ’na treo
’S ar Éirinn ní neosfainn cé hí.

Tá spéir-bhruinneal mhaordha dheas óg
Cois léis na teóra ‘na suí
Tá féile ‘gus daonnacht na meóin
Is deise ró mhór sa mhnaoi
Tá folt léi a’ tuitim go feóir
Go cocánach ómarach buí
‘S tá lasadh ‘na leacain mar na rós
Is ar Éirinn ní neosfainn cé hí.

Dá ngéillfeadh an spéirbhean dom ghlór
Is é ráite mo bheoil dá bheith fíor,
Go deimhin duit, go ndéanfainn do ghnó,
Na léirchur i gcóir ’s i gcrích,
Léifinnse léirstair dom stór,
Is ba mhéin liom í a phógadh óm chroí,
Is do bhéarfainn an chraobh di ina dóid,
’S ar Éirinn ní neosfainn cé hí.

Mo ghrá ghil, ó bí páirteach liom féin,
’S go háirithe, más féidir liom scríobh,
Bheinn ag gáire le bánchnis na gcraobh
Dá bhfaighinn áirithe ó aoinne cé hí,
Níl a cairde róshásta liom féin
Chun áras a dhéanamh ná tíos,
Mar tá sí, de réir ráite do bhéil,
‘S ní náir duit a léamh dúinn cé hí.

A Bhrúnaigh, a fhir mhúinte gan cháim
Cárbh ionadh liom stráille gan  chrích
Seachas réic a bheadh tabhartha do mhná
Ná mbeadh náire air a chás do chur síos
Seachas údar a shiúlaigh a lán
Na bhailte na tuaithe go Portlaoise
Nó atá ag teacht ag tabhairt cuntais im’ ghrá
‘S ar m’iomchrach ná neosfainn cé hí.