Idir Deighric is Breo – Corn Uí Riada 2025

Amhránaí

Téamaí

Idir Deighric is Breo

Deighric is Breo an ród seal do bhíos,
Ar mo dhul dom go Tiobrad Árann.
Mo speal bhí i gcóir dom ón Hórach mear groí.
Is nár bhaine aon díth dona shláinte,
Casadh cailín óg orm a bhí mómhaireach groí
Raibh a píob is a bráidchnis mar bhán-shneacht’ ar chraobh
D’fhiosraíos ar phós sí nó a ngeobhad liom mar mhnaoi
Mar go raibh tine im’ chroí istigh le grá dhi

Ó d’fhreagair an spéirbhean mé fhéineach gan mhoill
Thá tú ráigeach id’ shlí is id’ ráitibh,
Nár fhreagair an bhéala ná déan orm aon díth
Mar is gairid a leanfaidh an grá dhíot
Gan cheangal, gan chéile, gan chléir ná aon tíos
Mar go bhfuil bean maith eile id’ dhéidhse ag aoireacht bháibhín
Ó fan ar do phréac ag baint féir ins a’ tír
Fad a raghaidh tú go Tiobrad Árann

Ó d’fhreagair mé fhéineach an spéirbhean gan mhoill
Nach raibh agamsa riamh bean ná páiste,
Gur is gCaisleán an tSléibhe a mbímse im’ chónaí
Agus William Ó Duibhir mé san áireamh.
Tá an chuid eile dhem’ mhuintir ar an taobh eile dhen tír,
I bhfrití na nDéise go tréan i mbun tís,
Ní neosfainnse bréag duit ar aon rud sa saol
Agus gheobhaidh tú mo thuairisc sa mBáinseach.

Ó nuair a thangas go dtí an mBáinseach
‘S tigh Mháire Choimín do leagas mo speal is mo chlár ann.
Ó bhualas an bord agus dh’ordaíos mug dí
Is leaba go luífinn go lá ann.
Bhíos a’ breathnú na gcuachóga in uachtar an tí
Nuair a dh’amharcas mé céirseach ‘sí a’ téirneach chugam síos
Bhí giní ina lámh aici is dh’ardaigh mo chroí.
Nuair a chonaiceas í ag díol Bean a’ tábhairne.

Do bhí gach ní dá bhraitheadh Tigh Mháire Choimín
Bhí puins mhilis láidir ‘s biottáile dá chur tríd
Bhíos a’ síorschrochadh lámh is ag gáire lem’ mhnaoi
‘S á bréagadh gur bhuail an sáimhín í
Muise threabhfainnse caológ is leathfainn an síol
Is ba chanta mo ghlúin i mbun stáca
Ach muna bhuaileas ar ór i dTigh Mháire Choimín
Ba ró-dheas mo chéile sluaisteálaí.

Théis gach ní dá áiríos a d’fhágas í ansiúd
Ina codladh sa rúm i dtigh an tábhairne
Ó bhualas an bóthar is théirníosa chun siúil
Mo chlóch is mo phúitse ar mo bhásta,
Ó ar eagla na scéala nó go ndéanfaí orm díth
Nó go ndéanfaí mé ‘dhaoradh le haon choistí dlí
Níor thainíos ‘dtí’n mBainseach gur tháinig an fómhar
Agus siúd mar a scar mé le Máire

Tar éis gach ní dá áiríos d’fhágas í ansiúd
Ina codladh sa rúm i dtigh an tábhairne.
Bhogas chun bóthair is threoiríos chun siúil,
Mo chloch is mo phúitse ar mo bhásta.
Le heagla an scéithe nó go ndéanfaí orm díth
Nó go bhfaighfaí mé ‘dhaoradh le haon choistí dlí,
Níor tháiníos go dtí’n mBáinseach nó go dtánaigh an fómhar
Agus siúd mar a scar mé le Máire.