An Crúiscín Lán – Corn Uí Riada 2016

Amhránaí

Téamaí

An Crúiscín Lán

Ó tá trí smaointe i mo chroí nach dóigh libh
Níl aon geal scilling go dtuillim ná go n-ólaim
Ní h-ionann is mar chárt ar na cáirt amháin sea ghlaonnse
Ní bheidh feoirling ins an sparán agam nuair a fhágfaidh mé an saol seo.

Agus geobham arís an crúiscín is bíodh sé lán;
Grá mo chroí mo chrúiscín, sláinte geal mo mhuirnín,
Is cuma liom an chúilfhionn dubh nó bán.
Agus geobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.

Ó is dá bhfaighinnse bás amárach d’fhágfainnse le huacht é
Mé a chur i dtigh an tábhairne go sásta fé’n bhfuarma
Mar a mbeadh na pínt na cáirt is na cnagannaí dá mbualadh
‘S gur binne liom an ceol san ná ceol binn na cuaiche

Agus gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán;
Grá mo chroí mo chrúiscín, sláinte geal mo mhuirnín,
Is cuma liom an chúilfhionn dubh nó bán.
Agus gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.

Ó is dá bhfaighinnse bás amárach d’fhágfainnse le huacht é
Snaois ‘gus tobac a bheith ar mo thórramh
A ndóthain le n-ithe a thabhairt dos na mná óga
Agus ligint do na seana mhná go ngoilfidís a ndóthain
Agus gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.

Ó is dá bhfaighinnse bás i bhFearann Tuirc is nár fhágadsa an áit seo
Go bhfeice mé na Sasanaigh ag steallachas na déirce
A rámhainní ar a ngualaibh is iad ag tuilleamh a gcuid réalacha
Agus bróga boga briste orthu mar a mbíodh ar Chlanna Gael bocht.

Agus gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán;
Grá mo chroí mo chrúiscín, sláinte geal mo mhuirnín,
Is cuma liom an chúilfhionn dubh nó bán.
Agus gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.

Nuair a ghabhaimse siar chun iarthar na hÉireann
Cois sleasa agam go huaigneach is gan éinne beo dom ghaobhar ann
Sé deir na daoine ‘gus muintir mo chéile
Gurb olc an fear ag buíon mé nó ag leanbh a bheith a’méileach.

Agus gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán;
Grá mo chroí mo chrúiscín, sláinte geal mo mhuirnín,
Is cuma liom an chúilfhionn dubh nó bán.
Agus gheobham arís an crúiscín is bíodh sé lán.

‘S sé deir mo bheansa nó an ar buile ataoi a stróinse
Téanaim ort abhaile nó ar ól tú fós do dhóthain
Chun a’ diabhail mhór a bheirim thú is a mhaireann dod chomharsain
Mar beidh bean éigint eile agam ins gach baile beag a gheobhfaidh mé.