Scoil Bhard Inse – Sean Nós na bhFear 2017

Amhránaí

Scoil Bhard Inse

Bhíomar oíche ar scoil Bharr d’Inse
Bhíomar go léir ‘nár ndá páirtí ann
Puic ar gach aoinne ‘gus fonn chun bruighne
Is chífeá fuil ar chuid acu i ndeire na scríbe.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Concubhar Ó Loingsigh an máistir a bhí againn
Is Máire Ní Churnáin ceann de mhnáibh Chiarraí ann
Ó’n Muilleann do tháinig na Chruadhlaoigh ann
Amhlaoibh agus Seán is iad ag rá na n-eachtraí dhúinn.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Ó Screathan na nGamhan bhí muintir Luasa ann
Muintir Chróinín agus muintir Thuama
Muintir Mhuláin agus muintir Ghruama
In bhíodar na Pléamannaigh ó iarthar a’domhain ann

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Bhí clann Mhuirtí ó Bharr d’Inse
Do bhí J.J. agus Seán Dhiarmin ann
Clann Sheáin Fhada tháinig trasna an linn ann
Is bhí againn clann Mhaidhc Thaidhg Uí Chuill ann.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Bhí Hyde a’ tSleasa ‘gus Dónal Ó Móráin ann
An Cléireach ceansa is é bhí fiadhain ann
Bhí againn muintir Chuill na luachair
Diarmuid Phaid is a chrúbaí móra.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Bhí Concubhar Ó Luasa rince ar stáitse ann
Seán Ó Maoláin is é ag déanamh geáitsí
Johnny Mháirtín Lar is flainín bán air
Agus anam an diabhal cá ghaibh an cárach.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Bhí firecrackers á lasadh ag seó acu
Is iad ag cnagarnaigh mar a bheadh toirnigh
Píobar dearg i gceairt a dhóigh ann
Gach aoinne ag casachtaigh is é dul ‘na scornaigh.

San reang-a-diú-dil-é-dil am, did-ir-í- aigh-dil-é dil am,
Reang-a diú-dil-é dil-aigh-dil am, di-di-ri-am.

Siúd amach gach aoinne ‘s an sraotharaigh go seoidh ann
Mhúchadar na soilse is do ghlasadar na dóirse.
Leagadar an geata tháinig fearg ar an Loinseach
‘S nuair innseadh do’n sagart cuireadh deireadh leis an rinnce.