Casam araon na Géanna Romhainn – Corn Uí Riada 2024
Amhránaí
Casam araon na Géanna Romhainn
Tráthnóinín saoire ar bhuíochtain na gréine,
Do dhearcas-sa an spéirbhean bhéasach óg,
Ag taisteal im choinnibh tré umar na sléibhte,
Bhí lasadh na gcaor ina gné is ina snódh,
Ba chumasach triopallach barrachas néata
Ag casadh is a filleadh le hiomradh a chéile,
A bearta ina n-ionar ag titim chun féir léi,
’S í ag casadh na ngéanna ón ghaortha um neoin.
Do dhruideas ’na coinnibh go hinnealta éasca
’S do bheannaíos go séimh don réilthín óig,
D’fhiosraíos-sa dise an ngeobhadh liom mar chéil’,
‘Nó a bhfuil ceangal na cléire ort le haon fhear beo?
Má thigeann tú liomsa gheobhair fairsinge is féile
Cion agus urraim thar a maireann de bhéithibh,
Mise agus tusa ag súgradh le chéile,
Agus casam araon na géanna romhainn.’
Is é dúirt sí dom fhreagradh, ‘Ní oireann do scéal dom,
Imigh, a réice, agus deinse do ghnó,
Níl eolas agamsa ar do shaibhreas saolta
Is ní chreidfinnse bréithre baotha ód shórt,
Dá n-imínn go dealbh gan talamh gan spré,
Bheadh mo mháthair is m’athair ag caismirt is ag plé liom,
Triallse ort abhaile chomh tapaidh is a fhéadfair
Agus casfaidh mé féin na géanna romham
Béarfad eolas duit feasta ar mo shaibhreas saolta
Suigh anso taobh liom féin go fóill
Beidh do bhólacht go fairsing is do bha bog’ ag géimnigh
Tithe deas’ aolta déanta id’ chomhair
Beidh do sheisreach chapall a’ branar ‘s a’ réabadh
Gasra d’fhearaibh ag grafadh na sléibhte
Is mise agus tusa a’ válcaeireacht le chéile
Sinn a’ casadh na ngéanna ón ngaorth’ ar neoin
Níl slí dhuit chun martha bheith a’ reacaireacht éithigh
Is mé ‘fhágaint id’ dhéidh i léan is i mbrón
Is gur baol duit na Flaithis do dheascaibh mé ‘thréigean
Dá ndéanthása bréag ar scéal dá shórt
Bheadh mallacht na n-aspal ‘s na n-aingeal go léir ort
Mo mháthair is m’athair is na hEaglaise naofa
‘Om chlaonadh le cleasaibh chun peacaidh a dhéanamh
Agus casfaidh mé féin na géanna romham