Amhrán na Trá Báine – Sean Nós na mBan 2016

Téamaí

Amhrán na Trá Báine;

‘S nach mór an chliú d’Éirinn an baile breá géimiúil,
Atá idir Ceann Léime ‘gus Gleann Trasna ó thuaidh,
‘Bhfuil na seandaoine aosta ‘gus páistí lag míosa,
‘S iad uilig ar aon intinn is maidir le spóirt.

Is tá cáil na Trá Báine thall ins na Státaí,
San Róimh, i bPáras is san Afraic ó thuaidh,
Ach má léigh sibh na páipéir, níl cál dhom é a rá libh,
‘Sé an baile is mó cáil é dhá bhfaca mé fós.

‘S níl malrach ná girseach, fear, leanbh ná páiste,
Ó tigh Liamín Mháire Árann go barr Chnoc an Fhia,
Nach bhfuil a ainm ar liosta sa Róimh ag an bPápa,
Le taispeáint don Ardrí lá deireadh an tsaoil.

Rí na Gearmáine ag cuir cogadh ar an namhad
Chuir scaipeadh ‘gus fán ar mhuintir Sheán Buí
Nuair a chuala sé cliú ‘gus cáil na Trá Báine
Ó chroch sé dhá láimh agus d’ordaigh sé peace.

Tá na carranna asail ag cur abhaile na móna,
Is tá an bhean ar a glúine ag déanamh crois Chríost,
Ach fear an charr capaill nach mbeidh ar ais go tráthnóna,
Beidh brabach sa gcrib aige ag tíocht chun an tí.

Is tá na tairbh is na bulláin is na laontaí ag géimneach
Is na páirceanna féarmhar bhfuil bhláth ar gach taobh
‘S tá dairy breá geal ann ‘gus bean mhaith ina héadan
Is má dúil in ubh ghé agat bí ann Domhnach Cásc.

‘S tá na red lights ina seasamh má bhíonn tú dhá dtóraíocht.
Idir tí an tSeoighe agus sean teach Sheáinín
‘S má bhíonn tú gan eolas cuir tuairisc teach ceoil ann
Níl ort ach phoneáil six one seventeen.

Caithfidh mé stopadh, tá deireadh mo chomhrá
Tá sruth as mo shúile ‘s pian in mo dhroim,
Slán agus beannacht ag cairde ‘gus comharsan,
‘Gus fós ag an teach úd ar chaith mé scaitheamh de mo shaol.