Neainsín Bhán – Sean Nós na mBan 2014

Neainsín Bhán

Is a Neainsín Bhán, cé’s ansa leat fear eile nó mé fhéin
Is a Neainsín a dtug mé fancy dhuit i dtosach ar mhná an tsaoil
Mar shíl mé go mba bhréacha thú ná bean ar bith sa saol
Ach smid chainte ná raibh i gceann an té nach molfadh leatsa mé.

‘S má théann tú chun an aonaigh tabhair an chaora leat is a’ huan
Má théann tú a’ déanamh tíobhais bíodh do mhian agat ar dtús
Ó bíodh sí maorga macánta ‘gus  molta as a cliú,
Ní barr maoine a thabharfas ‘un tíobhais thú ná mealltar le straoill thú.

Is dhá mbeadh heels agus tops ar mo bhróga, is an chóir a bheith ar na boinn
Ó rachainn ‘chuile Dhomhnach go dtí áit a mbíonn an spraoi
Mar ní thóigfeadh an t-aos óg orm gach cor dá gcuirfinn dhíom
Ach mo stór a bheith ar cheann an stóil is níorbh fhada liom an oíche.

Ar theacht na Nollag nach dona í m’obair ag síorchur ins an gcré
Mar a bheadh seabhcán ar bharr sceiche nó ar bharr ghlas na sú craobh
Ach mo mhallacht go deo anois a thabharfainnse d’aon fhear beo sa saol
A thóigfeadh orm a bheith cogarnaíl le stóirín geal mo chléibh.

Is a théagairín ní féidir leat gan duine eicínteacht a fháil,
A nífeadh do chuid éadaigh dhuit nó a d’fhuinfeadh do chuid aráin
Ach a phéarla atá breá gléigeal de chích, de chois is de láimh
Sé mo léan gan mé faoi shléibhte leat is cead éad ag feara Fáil.