Is Buachaillín Deas Óg Mé – Sean Nós na mBan 2017

Is Buachaillín Deas Óg Mé

Is buachaillín deas óg mé a thug mór ghean do mhnaoi,
Is néal ní chodlaím suaimhneach le mór chaitheamh ina diaidh.
Istigh ar thóin an phríosúin faoi bholtaí ag Seán Buí.
Ach a stór mura dtéigh tú abhaile liom ní mhairfidh mé beo mí.

Is tá féar fada is fásach san áit a mbíonn mo mhian
Tá ullaí blasta ag fás ann, plúr is an chruithneacht bhuí,
Tá mil na mbeach faoi Cháisc ann, is amach go féile Mhichil,
Is ceiliúr éan roimh éirí an lae, coiligh ‘s cearca fraoigh.

Sé an trua gan mé i mo chónaí ins an áit a mbíonn mo mhian
Is bheinn ar cheann an bhóithrín déanamh eolas cá mbeadh sí
Tá píosa fada romhamsa goil idir mé ‘gus stór mo chroí
‘S tá súil le Rí na Glóire agam nach bhfaighidh aon fhear uaim í.

Is chaith mise an bhliain anuraidh faoi bhrón is briseadh croí
Istigh sna póirsí dorcha, spíonadh ócam ag Seán Buí.
Ach anois tá cead mo chois agam céad moladh glóir do Chríost
Is tá súil le Rí na nGrásta agam go rachaidh muid chun cinn.

Is tá daoine ag comhrá liomsa is ag goil idir mé ‘gus stór mo chroí
Is iad a rá go mbeidh sí pósta le fear óg as Inis Oírr
Ní chreidfidh mé go brách iad thar mo stóirín is beag an baol
‘Gus pósfaidh mé le cúnamh Dé is go deo deo nár chaillfead í.

Is tá mise ar ais sa mbaile aríst ‘gus socróidh mé fhéin síos
‘S rachaidh mé go na hAille soir go bhfeicfidh mé mo mhian
Tá fiacha i dteach an ósta orm agus dheamhain feoirling’am len íoc
Nach dána an fear le pósadh mé níl bó agam ná laoi.

‘Gus dúirt mo dheaide liomsa a ghoil ar thóraíocht mnaoi,
Bean is cúpla bó a fháil ‘gus mórán den ór buí,
Ach b’fhearr liomsa go mór mór í a bheith macánta céillí,
Ná cailín gan aon eolas a bhíonns ag ceolaíocht is ag gabháil fhoinn.

Is nuair a thiocfas rath an fhómhar beidh súil agam le roinnt,
Beidh súil le cupla bó agam ‘gus mórán den ór buí
Dhá mbeadh airgead i mo phóca thíos agus an cíos a bheith le n-íoc
Ní fhágfainn teach an ósta nó go n-ólfainn chuile phingin.

Ó nach iomaí cailín álainn ó Ghaillimh go Ros a’Mhíl.
A bhfuil racaí ina gceann acu ‘gus lásaí geal leo síos,
Síleann siad gur breácha iad ná an ghealach sa meán oíche,
Ach ní thiúrfainnse mo stóirín ar mhór chuid cailíní.

Ní thiúrfainnse mo stóirín, ar mhór chuid cailíní,
Ní thiúrfainnse mo stóirín ar mhór chuid den ór buí
Ní thiúrfainnse mo stóirín, go deo deo ar aon tstraoil
‘Gus pósfaidh mé le cúnamh Dé is go deo deo nár chaillfead í.