Is Buachaillín Deas Óg Mé – Sean Nós na mBan 2013

Téamaí

Is Buachaillín Deas Óg Mé

Is buachaillín deas óg mé a thug mór ghean do mhnaoi,
Is néal ní chodlaím suaimhneach le mór chaitheamh ina diaidh.
Istigh ar thóin an phríosúin faoi bholtaí ag Seán Buí.
Ach a stór mura dtéigh tú abhaile liom ní mhairfidh mé beo mí.

Is tá féar fada is fásach san áit a mbíonn mo mhian
Tá ullaí blasta ag fás ann, plúr is an chruithneacht bhuí,
Tá mil na mbeach faoi Cháisc ann, is amach go féile Mhichil,
Is ceiliúr éan roimh éirí an lae, ‘gus coiligh ‘gus cearca fraoigh.

Sé an trua gan mé i mo chónaí ins an áit a mbíonn mo mhian
Is bheinn ar cheann an bhóithrín a déanamh eolas cá mbeadh sí
Tá píosa fada romhamsa goil idir mé agus stór mo chroí
‘S tá súil le Rí na Glórach agam nach bhfaighidh aon fhear uaim í.

Is chaith mise an bhliain anuraidh faoi bhrón is briseadh croí i
stigh sna póirsí dorcha, spíonadh ócam ag Seán Buí
Ach anois tá cead mo chois agam céad moladh glóir do Chríost
Is tá súil ag Rí na nGrásta agam go rachaidh muid chun cinn.

Is tá daoine ag comhrá liomsa is ag goil idir mé agus stór mo chroí
Is iad a rá go mbeidh sí pósta le fear óg as Inis Oírr
Ní chreidfidh mé go brách iad thar mo stóirín is beag an baol
‘Gus pósfaidh mé le cúnamh Dé is go deo deo nár chaillfead í.

Is tá mise ar ais sa mbaile aríst is socróidh mé fhéin síos
‘S rachaidh mé go na hAille soir nó go bhfeicfidh mé mo mhian
Tá fiacha i dteach an ósta orm agus dheamhain feoirling’am len íoc
Ó nach dána an fear le pósadh mé níl bó agam ná laoi.

‘Gus dúirt mo dheaide liomsa a ghoil ar thóraíocht mnaoi,
Bean is cúpla bó a fháil agus mórán den ór buí,
Ach b’fhearr liomsa go mór mór í a bheith macánta céillí,
Ná cailín gan aon eolas bhíonn ag ceolaíocht is ag goil fhoinn.

Is nuair a thiocfas rath an fhómhar beidh súil agam le roinn,
Beidh súil le cupla bó agam ‘gus mór chuid den ór buí ,
Dhá mbeadh airgead i mo is an cíos phóca thíos a bheith le n-íoc
Ó ní fhágfainn teach an ósta nó go n-ólfainn chuile phingin.

Ó nach iomaí cailín álainn ó Ghaillimh go Ros a’Mhíl.
A bhfuil racaí ina gceann acu ‘gus lásaí geal leo síos,
Síleann siad gur breáiche iad ná an ghealach sa meán oíche,
Ach ní thiúrfainnse mo stóirín ar mhór chuid cailíní.

Ó ní thiúrfainnse mo stóirín, ar mhór chuid cailíní,
Ní thiúrfainnse mo stóirín go deo deo ar aon tstraoil
Ní thiúrfainnse mo stóirín, ar mhór chuid den ór buí
‘Gus pósfaidh mé le cúnamh Dé is go deo deo nár chaillfead í.