Eleanór a Rún – Sean Nós 2

Téamaí

Eleanór a Rún-Sean Nós 2

Mo ghrá den chéad fhéachaint thú, ’Eleanór, a rún,
Is ort a bhím a’ smaoineamh, tráth a mbímse mo shuan
‘S mo ghrá den tsaol thú, is mo chéadsearc, is tú is deise ná ban Éireann,
’S a bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Chúns a mhairfeas mé beo, beidh gean a’m ort,
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat,
’Eleanóir, a rún.

Bhí bua aici go meallfadh sí na héanlaith ón gcrann,
’S bhí bua aici go dtógfadh sí an corp fuar ón mbás,
Bhí bua eile aici nach ndéarfaidh mé, ’sí grá mo chroí is mo chéadsearc,
’S a bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Chúns a mhairfeas mé beo, beidh gean a’m ort,
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat,
‘ Eleanóir, a rún.

An dtiocfaidh tú nó ’bhfanfaidh tú, ’Eleanóir, ‘a rún?
Nó an aithneoidh tú an té nach gcáinfeadh thú, a chuid den tsaol is a stór?
Ó tiocfaidh mé ach ní fhanfaidh mé,
Is maith a d’aithneoinn an té nach gcáinfeadh mé,
’S a bhruinnillín deas óg, is tú is deise, is milse póg,
Chúns a mhairfeas mé beo, beidh gean a’m ort,
Mar is deas mar a sheolfainn na gamhna leat,
’Eleanóir, a rún.