Sail Óg Rua – Corn Uí Riada 2009

Téamaí

Sail Óg Rua

‘S nach mise an trua Mhuire ag goil ar Charraigín an Fhásaigh,
Ag gol is ag gárthaíl is ag déanamh bróin
Ag oiliúint mo leanbh ar bhacán mo láimhe,
Is gan fiú an braon bainne agam a thabharfainn dhó.
Is dá mbeadh fhios ag daoine, ó an ríocht a mbímse
Is nuair a smaoiním ar mo Shail Óg Rua
Is go bhfuil fuil mo chroí istigh dhá shilt ina braonta
‘S a Dhia, cén t-ionadh i ndiaidh mo mhíle stór.

Is ag aois a sé déag is nár fuair mé fhéin í,
‘S nár dheas an féirín í ag fear le fáil.
Ach a stór mo chléibhe is tú a d’fhága liom fhéin mé
Is a chuaigh sa gcré uaim is tú do chailín óg.
‘S mo ghrá do bhéilín nár chum na bréaga
Is do bhrollach álainn a bhí mar eala ag snámh   
Bhí do dhá chíoch chomh ghlégeal le mo leanbh a bhréagadh
‘S a stór dá b’fhéadfainn is ní bhfaighfá bás.

Muise b’fhearr liom go mór mór i mo dhiaidh san ród thú
Ag bleán na bó dhom nó i mbun mo thí
Ná saibhreas Sheoirse is é a fháil ina ór bhuí
‘S nach gur faoin bhfód a chuir mé stór mo chroí.
Is dhá fhaide uaim siar thú in íochtar na tíre
‘S ba dubh í an oíche nó thriallfainn ann
Ach mo thaobhsa ní shínfead le aon bhean choíchín
Nó go bhfaigheadh mé dídean faoi do bhrollach bán.