Johnny Seoighe – Sean Nós 2

Téamaí

Johnny Seoighe

‘Gus a Johnny Seoighe tuig mo ghlór
Is mé a’ tíocht le dóchas faoi do dhéin
Mar is tú an réalt eolais is breáichte lóchrann
Os mo chomhair ag teampall Dé
Is tú bláth na hóige is deise glórtha
Dár leag mo shúil air ó rugadh mé
‘Gus as ucht Chríost tabhair dhomsa “relief”
Nó go gcaitear Oíche an Nollaig fhéin.

‘S nach lá arna mhárach sea fuair mé an páipéar
‘S nach mé bhí sásta is mé goil an tsiúil
Ach ní bhfuair mé freagra ar bith an lá sin
Ach mo bhean ‘s mo pháiste bheith amuigh faoin drúcht.
Tá mo chosa scólta, óra sciúrtha, feannta
Liobraithe gearrtha le neart a’ tsiúil
‘S a “Mhister Joyce” tá an “workhouse” seo lán
Is ní ghlacfar ann aon neach níos mó.

Is nach mór an cliú é do bhaile Charna
An fhad ‘s tá an lánúin seo goil thríd
Mar is deise ‘s breáichte é scéimh na mná
Ná ‘n “Morning Star” nuair a théann sí síos.
Tá an bhanríon tinn is í go lag ‘na luí
Is deir dochtúirí liom go bhfaighidh sí bás
Ach sé fios an údair do réir mar deir siad liomsa
Nuair nach bhfuil sí pósta le “Mister Joyce”.