Róisín Dubh – Corn Uí Riada 2010

Téamaí

Róisín Dubh

Is nach fada an réim a lig mé léithí ó inné go inniu
Ag siúl sléibhte i mo chadhain aonraic ‘s ní raibh aon neach liom
Loch Éirne chaith mé de léim í cé go mba ard a bhí an sruth
Ó tá m’anam gléigeal ligthe i léig a’am le mo Róisín Dubh.

Is a Róisín ná bíodh brón ort ná cas anois
Tá do dheartháir ins an nGearmáin ‘s tá a thriall thar muir
‘S tá do phárdún ag tíocht ón bPápa ‘gus ón Róimh uilig
Ó ná spáráil fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

‘S dá mbeadh seisreach agam is deas mar a threabhfainn in aghaidh an chnoic
Thabharfainn seanmhóir ar an altóir mar a hordaíodh dhom
Thabharfainn póigín don chailín a lig a h-óige liom
Ó dhéanfainn cleas deas ar chúl an easa le mo Róisín Dubh.

‘S beidh Éirne ina thonnta tréana ‘s beidh an spéir ina fhuil
Beidh bráithre bána ag tíocht thar sáile le cabhrú linn
Bhí an smál ort gur shanntaigh tú an t-óg fhear glé
Ó cuirfear anonn í sula ndamnaí sí na h-oird uilig.

Is tá mo Róisín geal lúthmhar taobh thall den tsruth
Tá crios an phrionsa uirthi fáiscthe faoi lár a coim
Ní mór an smál ort gur shantaigh tú an t-ógfhear glic
Ó díbreofar anonn í sula ndamnaigh sí na h-oird uilig.

Is tá an fharraige ina thonnta tréana ‘s tá an spéir ina fhuil
Tá bráithre bána ag tíocht thar sáile le cabhrú linn
A chroí mhór an chumhra  cén fáth go ndúirt tú go raibh grá agat dhom
Is nár bhí an chéad scoth de na mná buartha a bhí i mo Róisín Dubh.