Amhrán na Leabhar – Sean Nós na mBan 2022

Téamaí

Amhrán na Leabhar

Go Cuan Bhéil Inse casadh mé,
Cois góilín aoibhinn Dhairbhre,
Mar a seoltar flít na farraige
thar sáile i gcéin.
I bPort Mag’ Aoidh do stadas seal,
Fé thuairim intinn maitheasa
D’fhonn bheith sealad eatartha,
Mar mháistir léinn;
Is ghearr gur chuala an eachtra
Ag cách, mo léan!
Gur i mBórd Eoinín do cailleadh theas,
An t-árthach tréan.
Do phreab mo chroí le hatuirse
‘dtaobh loinge an tíosaigh chalma,
Go mb’fhearrde an tír í sheasamh seal
Dá ráib an tséin.

Mo chiach, mo chumha, is m’atuirse,
Mé ‘m iarsma dhubh ag ainnise,
Is mé síoraí a’ déanamh mairbhne,
Ar mo chás bocht féin;
Mo chuid éadaigh chúdaigh scaipithe,
A bhí déanta, cumtha, ceapaithe,
Is do thriall thar thriúchaidh Banban
Mar bhláth fém dhéin.
Iad bheith imithe sa bhfarraige
Ar bharr an scéil;
Is a thuilleadh acu sa lasair
is mé go támhach tré’m néal;
Ba thrua le cách ar maidin mé
Go cíosmhar, cásmhar, ceasnaithe,
‘S an fuacht do chráidh ‘m bhallaibh mé
Gan snáth ón spéir.

Ní hé sin is mó do chealaigh mé,
Ná chráidh mé ‘ríse ‘m aigne,
Ach nuair chinn féin fuadar fearthainne
Gach lá fén spéir,
Neart gaoithe aduaidhe is anaithe
Is síon ró-chruaigh gan aga ar bith,
Téinte luatha lasracha,
Agus scáil na gcaor.
Do chrom an uain ar shneachta a chur
Le báisteach tréan,
Ar feadh deich n-uair gan radharc
Le fáil ar ghréin.
Na dóighteana crua peannaide
A líon ró-mhór den ghalar mé,
Gan suim gan suan ar leaba agam
Go tláith i bpéin.

Bhí Díothcháin, Dúnlaing, Voster ann,
De-Catone Bonicastle ann,
Agus riail Uí Dhúgáin tarraingthe
ar aois an ré;
Ó Móráin, an leon calma,
A scríobh ar thrácht na farraige,
Thug cúntas cóir cá ndeacha uainn
an taoide ar a scéith.
Bhí Euclid ann, gan dearúd
ar Eoghan mhéith,
A mhúin brí thuis gach aiste ghlic
don té do bhfuil á léamh.
Brainse cheap Philosopher
go nglaonn na draoithe air ‘Oraculum’,
Ag insint brí is fearra
dhon té gurbh eol do é.

Dá siúlfainn Éire is Alba,
An Fhrainc, An Spáinn, is Sasana,
‘S fós arís dá n-abhrainn
Gach áird fén ré,
Ní bhfaighinn-se an oiread leabhra
B’fhearr eolais agus tairfe,
Ná, is mó bhí chun mo mhaitheasa,
cé táid ar strae.
Mo chreach! Mo chumha! ‘na n-easnamh siúd
Do fágadh mé!
Is mór an cúrsa marfa agus cás liom é!
Mallacht Dé ‘gus na hEaglaise
Ar an gcarraig ghránna mhallaithe,
A bháidh an long gan anaithe,
gan ghála, gan ghaoth.