An Capaillín Bán – Sean Nós na mBan 2022

An Capaillín Bán

Mo chreach is mo chás ‘sé an bás a thagann go trom,
Nuair leagtar ar lár an cara ba mhaith linn bheith buan,
Ní le fearaibh, le mnáibh ná le buachaillí a bhaineann mo dhán,
Ach le láirín droch-mhianaigh, ar a nglaoidís an Capaillín Bán.

Bhí ciall na n-ocht nduine ba chliste i gceann an láirín,
D’aithneodh sí an difir a bhí idir dhroch-cheol is ceol binn;
Ag teacht dúinn ón nDaingean abhaile, buail suas amhrán.
Is ní bhéaradh gaoth anoir ná aneas ar mo Chapaillín Bán.

‘Gus i mBaile an Fheirtéaraigh, is ea chaith sise a saol,
Níor fhás sí puinn riamh mar ba dhual di, ó gach taobh dá gaol;
Cé gur mó mála coirce is mine d’ith sí go slán,
Is fíor-bheag dá chomhartha a bhí ar chraiceann an Chapaillín Bháin.

A cosa ní raibh láidir, cé gur dtáinig buidéal ón ndochtúir,
Chomh cam cnapanach gan leigheas, gan biseach, gan lúth,
Is cuimhin liom-sa lá ná raibh slán ach an t-aon chos amháin,
Is ba ghioballach fánach an láir í, an Capallín Bán.

Ar deireeadh thiar thall dob’ fhonn le Athair na nGrást
A theachtaire dubhach a chur chúichi le scéala a bháis;
Do cuireadh go galánta an láir bhocht; sin deire mo dháin,
Is guím gach beannacht agus sólás ar anam an Chapaillín Bháin.