An Staicín Eorna – Sean Nós na mBan 2022

An Staicín eorna

Tráthnóna beag déanach cois abhainn go nglaonn siad Malabog,
Is mé a’ smaoineamh cá bhfaighinn ainnir dheas ansúd ar mo thoil,
’Sea do casadh cailín óg orm is í go brónach atuirseach,
Bhí scáil na rós ’ na leacaibh lain, is í síor ghol.
Is d’fhiafraíosa den spéirbhean cad é fáth a caithise.
D’fhreagair sé go séimh mé is a bréithre siúd do chealg mé,
’Staicín eornan atá i mbaol leachta,
Is an deamhan duine a gheobhainn, a bhuaileadh é ar mo thoil’.

Cad a thabharfá féin as an gcéad nó as an ‘ bfichead
Don té bhuaileadh é go cluthair deas ansúd ar do thoil ?’
‘Thabharfainn coróin is’ ló dó is a dhóthain mór le n-ithe,
Is leaba mhaith chun codlata is ní hé an sop.
Céile mhaith thí agat más mian leat mise agat,
Ól agus imirt, a rúin, gan locht,
Crúscaí beoir le n-ól mar dhí agat,
‘S dá mb’fhiú a thuilleadh thú ní bheinnse docht.’

Do chuasa lá ann ‘s do barr mhaith an t-imeacht dom,
Mar bhí agam an iomarca de rum is de dheoch,
Do bhí mairtfheoil ard ann ‘gus arán do bhí fuinte i gceart,
Ó láimh na bruinnille do bhí gan locht.
Ar maidin lá ‘rna mhaireach ba mhíshásta san a bhíosa,
Mo shúiste a bhí briste is m’iallach a bhí bog,
Is dá dtabharfainnse chúigh phúnt di ní bhrúfadh sí ribe dhom,
Ba chumha mhór nár bhaineas is nárbh ainnis é mo chor.

Mo mhallachtsa do bhéarfainnse ar an spéirbhean mhilis bhladartha,
Go mbeadh an fómhar ag leathadh ar a clann fir i ngort,
Is dá dtiocfadh mo rún chughamsa ar chuntasaí ní scarfainnse,
Go brách, brách go leanfainn í ón gcolainn go dtí an bport.
Is ní déarfainn so ná súd leat, a rúin, i dtigh a’ tabhairne,
Is ní déarfainn cuma liom leat dá ndiúgfá an barraille
Raghainn ar leaba chlúimh leat le haon toil na hEaglaise,
Is go mór mór go mbfhearra é ná ‘bheith a’ dradaireacht cois toir.