Máirín de Barra – Corn Uí Riada 2023
Amhránaí
Téamaí
Máirín de Barra
A Mháirín beag de Barra, do mharaigh tú m’intinn,
D’fhágas dubhach dealbh mé i gan fhios do m’ mhuintir,
Ar mo luí dom ar mo leaba is ort ’sea bhím ag cuimhneamh
Is ar m’éirí dom ar maidin mar gur chealg tú an croí ionam.
Thugas is thugas is do thugas ó m’ chroí gean duit
Lá Fhéile Mhuire na gCoinneal sa teampall,
Do shúilín níos ghlaise ná uisce na ngeamhartha
Is do bhéilín ba bhinne ná an druid nuair a labhrann.
Nach aoibhinn don dtalamh go siúlann tú féin air,
Nach aoibhinn don dtalamh nuair a sheinneann tú véarsa,
Nach aoibhinn don leaba nuair luíonn tú faoi éadach.
Is nach ro-aoibhinn don fhear a gheobhaidh tú mar chéile.
Do shíleas tú a mhealladh le briathra is le póga
Do shíleas tú a mhealladh le leabhair is le móide
Do shíleas mé tú a mhealladh ar bhreacadh na heornan
ach d’fhágas dubhach dealbh ar theacht don bhliain nua mé.
Shiúlfainn an ród leat ar lámh in ár n’aonar
Raghainn thar sáile gan dhá phingin spré leat
Mo mhuintir is mo chairde go lán bhrách do thréigfinn
‘S go dtógfá mé is a rá gur leat fhéin mé.
D’ólfainn agus d’ólfainn agus dhólfainn do shláinte,
‘S dá mbeinn ar bord loinge ó do d’ólfainn níb fhearr í.
Dá mbeinse im’ bhanaltra do d’fhulaingeoin do bhábán.
Siúd ort is ól deoch, is Dé bheatha do shláinte.
A Mháirín, glac mo chomhairle is ná téir ar t’aimhleas,
Ná pós aon strainséir, fear séite na hadhairce,
Ach gaibh leis an ógfhear go nglaonn siad Ó Floinn air,
Is pós é don grá réitigh, ó is é is toil le do mhuintir.