Domhnall Óg – Corn Uí Riada 2023

Téamaí

Dómhnall Óg

Is a Dhómhnaill Óig má théirse thar farraige
Tabhair mé féin leat ‘gus ná déan dearmad
Mar beidh a’d féirín lá aonaigh is margaidh
‘Gus iníon Rí Greige mar chéile ban agat.

Thug mé grá dhuit is mé beag bídeach,
Chuir mé barr air is mé mór milteach
Níorbh é sin an grá a thug an t-uan don chaora
Ach grá buan daingean nárbh fhéidir a scaoileadh.

Ó gheall tú dhomsa ‘gus rinne tú bréag liom
Go mbeitheá romham ag cró na gcaorach
Lig mé fead ort is dhá chéad béice
Ach ní bhfuair mé romham ach na h-uain a’ méileach.

Chuir tú amach mé is bhí an oíche báisteach
Fuair mé leagan i mbéal na bearnan
Níor dhúirt tú “Dia linn” is bhí tú i láthair
Is bhíos a’msa an uair úd go raibh fuath ag mo ghrá dhom.

Siúd é an Domhnach a dtug mé grá dhuit
An Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca
Is tú ar do ghlúine a’ léamh na Páise,
‘S a bhí mo dhá shúil ag síor-thabhairt grá dhuit.

Dúirt mo mháithrín liom gan labhairt leat
Inniu ná amáireach ná Dé Domhnaigh
Nach deireanach nach a stór a fuair mé an fógra
‘Sé an fál ar a’ bpáirc é i ndiaidh na foghla.

Tá mo chroí istigh  chomh dubh le áirne,
Nó le gual dubh a dhóighfí i gceárta,
Nó le bonn bróige ar hallaí bána,
Is tá an lionndubh mór mór os cionn mo gháire.

Nuair a théimse síos go Tobar an Uaignis
Suím síos ann ag déanamh buairimh
Nuair a fheicim an saol is nach bhfeicim an buachaill
A raibh dath an óir bhuí ar a chúilín gruaige.

Bhain tú thoir agus bhain tú thiar díom,
Bhain tú an ghealach gheal is baint tú an ghrian díom,
Bhain tú an croí seo bhí i lár mo chléibhe díom
Is nach rí-mhór é m’fhaitíos gur bhain tú Dia díom.