Sail Óg Rua – Corn Uí Riada 2011

Sail Óg Rua

‘S nach mise an truaigh Mhuire  ‘goil go Carraigín an Fhásaigh,
Ag gol is ag gárthaíl is ag déanamh bróin
Ag oiliúint mo leanbh ar bhacán mo láimhe,
1s gan fiú an braon bainne agam a thabharfainn dhó.

Níl mé ach tréith-lag is níl aon maith dhá shéanadh
Níl mé ar aon chor ach mar an gceo
Tá fuil mo chroí istigh dá silt ina braonta
‘Gus a Dhia, cén t-ionadh i ndiaidh mo Shail Óg Rua.

In aois a sé déag ‘sé fuair mé fhéin í,
Nár dheas an féirín í ag fear le fáil.
Ach a stór mo chléibhe tú a d’fhág liom fhéin mé
‘Gus a chuaigh i gcré uaim i do chailín óg.

Mo ghrá do bhéilín nár chum na bréaga
Bhí do bhrollach álainn mar an eala ag snámh
Bhí do dhá chíoch ghlégeal le mo leanbh a bhréagadh
‘Gus a Dhia dá b’fhéadfainn ní bhfaighfeá bás.

Nár fhearr liom go mór mór ‘mo dhiaidh san ród thú
Ag bleán mo bhó dhom nó i mbun mo thí
Ná saibhreas Sheoirse is é fháil le stróinse
‘Gus gur domhain faoin bhfód a d’fhág mé stór mo chroí.

Dhá b’fhaide uaim siar thú in íochtar tíre
Ba dubh í an oíche nó thriallfainn ann
Ach mo thaobh ní shínfead le aon bhean choíchín
Mura bhfaighe mé dídean faoi do bhrollach bán.