Liam Ó Raghallaigh – Corn Uí Riada 2012

Amhránaí

Liam Ó Raghallaigh

An cuimhneach libh an oíche úd a raibh an tsráid seo lán d’ mharcaigh
Ag sagairt ‘s ag bráithre ‘s iad ag trácht ar mo bhainis.
Bhí an fhidil ar chlár ann is an chláirseach dhá spreagadh,
‘S bhí triúr de na mná bána ann le mo ghrása a chur ar leaba.
    
Mo bhaintreach ‘s mo mhaighdean sea fágadh mé go hóg,
‘Gus aithris  do  mo mhuintir gur báthadh mo mhíle stór.
Is dhá mbeinnse ar an trá an lá sin ‘s mo dhá láimh bheith sa scód,
Dar m’fhocal dhuit a Bhean Uí Raghallaigh gur deas a leigheasfainn do bhrón.
    
‘S ní hionadh dhom scéal cráite a ‘bheith ag do mháthair ‘gus ag t’athair,
Nó ag banaltra na gcíocha bána a bhíodh ag trácht ort is tú ‘do leanbh.
Ní áirím do bhean phósta nár chóirigh riamh do leaba.
Is ó chuaigh tú ‘un trá an lá sin mo léan gur raibh ort thíocht abhaile.

Is níor mhór liom do Liam Ó Raghallaigh a bheith ina chliamhain ag an rí,
Is cuirtíní geala glégeal chaon taobh dó ins an oíche
Maighdean chiúin chéillí a bheith ag réiteach a chinn,
Is ó luadh sinn le chéile is trua mar d’éag tú le mo linn.

Is tá do shúile ag na péiste is tá do bhéilín ag na portáin.
Tá do dhá láimhin gheala ghlégeal faoi ghéarsmacht na mbradán;
Chúig phunt a bhéarfainn don té a thógfadh mo dhian ghrá
Is nach trua thú a bheith i t’aonraic a Neilí ghlégeal Nic Shiúrtáin.
 
Mo mhallacht go na saortha a rinne an bád.
Nár aithris dhom fhéin go raibh an t-éag ins na cláir
Dhá dteithfeá go Coilltí Eochaill agus an t-adhmad a cheannacht daor,
Ní bháfaí mo mhíle stóirín ar chóstaí Malbay.