An Sagairtín – Corn Uí Riada 2012

An Sagairtín

Tá an oíche seo dorcha ‘gus tá sí fuar,
‘Gus tá sí ‘goilliúint ar mo chroí go mór
Mo stór a d’imigh uaim ‘s nach bhfuil le fáil,
‘S a bhéas a’ goilliúint orm nó go bhfaighidh mé bás.

‘S nach deas an sagairtín é stór mo chroí,
Nach beannaithe an pobal ina dtéann sé thríd
Tá branda ó Mhuire aige is séala ó Chríost,
‘Gus tá sé a triall ar na coláistí.

Éist a chailín deas is ná caoin deoir,
Mar ní dhuitse a rugadh mé ná d’aon bhean beo
Ach baistfidh mé do leanbh dhuit le cúnamh Dé,
‘S dhá mbeadh breith ar m’aiféal a’m, ba leat mé fhéin.

Chuaigh mé aréir chuig an doras úd thall
‘Gus ghlaoigh mé i gcogar ar mo mhíle grá
Séard a dúirt a hathair liom nach raibh sí ann
Mar go raibh sí imithe go Meiriceá.

Dúirt a máthairín liom is í ag gol go hard
Go raibh sí curtha i gcónra chláir
A Dhia ‘s a Chríosta, nach mór an feall,
A bheith i ngrá le cailín ‘s gan í a’m le fáil.

Sé an trua gan mise is mo mhúirnín bán
Ar bhord na loinge ag tíocht anall
Gaoth aduaidh agus taoille ag trá
Dheamhan a mbeadh fhios ag éinne go raibh muid ann.

Ó níl mé tinn agus níl mé slán,
‘Séard a deir mo mhuintir ná go bhfaighinnse bás
A Dhia is a Chríosta, nach mór an feall,
A bheith i ngrá le mnaoi ‘s gan í a’m le fáil.