Bean a’ Leanna – Sean Nós na mBan 2022

Téamaí

Ó ‘gus éirigh do shuí ‘bhean an leanna
‘S ná fan le do chaipín a ghléas
Nó go gtuga tú dhom braon uisce beatha
Nó cárt de do chuid leanna fhéin
Ó ‘gus beidh muid ag ól go dtí an mhaidin,
Seo sláinte na bhfear úd go léir
‘s nuair a fhágas an mháistreás an baile
Beidh an cailín is deise a’m fhéin.

Is a Thiarna céard a dhéanfas mé amáireach,
Nuair a fheicfeas mé mo ghrá ag gabháil aniar
‘s gan gar agam a theacht ina láthair,
Leis an méid a bhí eadrainn ariamh
Nuair a smaoiním ar a súgradh ‘s ar a gáire
‘S a dá inneach geala a bhí fial
‘S nach dtiteann mo chroí istigh i ndólás
Agus goileann mé mórán ‘na diaidh.

Bhí mise oíche ‘gus mé súgach
‘S mé triall ar tí Mhicil sa ngleann
Bhí steancán de sheanphíobaire caoch ann
Agus juga poitín líonta aige ar chlár
Ó thiteamar lag marbh thíos ann,
Níor fhan preab inár gcos ná ‘nár láimh
Ach seo bheannacht oraibh síol Éabha ár sinsear
Agus íocfaidh mé fhéin an reicneáil.

Is fada mo chosa gan bróga,
Ach is faide mo phócaí gan pingin
‘S fada mé ag ól le mná óga
Ach níor ól mé aon deoir riamh le mo mhian
‘S fada mo chontra dhá dhéanamh
‘S mo chróchar dhá bhreacadh ag na saoir
Mo chontra dhá tógáil lá earraigh
‘Gus na buachaillí óga a dul faoi.

Ó shiúil mise bogach agus sléibhte
‘Gus cnoic a bhí géar as a mbarr
‘S a lán bealaí eile nach ndéarfainn
‘S gan unsa ar bith céile i mo cheann
Ar thuairisc mo stáidbheainín bhéasaigh
Nach sínfead mo thaobh léi go brách
Is nár chóir di bheith ina codladh taobh thuas dhíom
Na bheith i gConga dhá uairín roimh lá.