Neainsín Bhán – Corn Uí Riada 2008

Téamaí

Neainsín Bhán

Is a Neainsín Bhán cé’s ansa leat fear eile nó mé fhéin
Is a Neainsín a dtug mé fancy dhuit i dtosach ar mhná an tsaoil
Mar shíl mé go mba bhreáichte thú ná bean ar bith sa saol
Ach smid chainte ná raibh i gceann an té nach molfadh leatsa mé.

‘S má théann tú chun an aonaigh bíodh an chaora ‘at is an t-uan
Má théann tú ag déanamh tíobhais bíodh do mhian agat ar dtús
Óra bíodh sí maorga macánta is í molta as a cliú
‘S ní barr maoine a thabharfas ‘un tíobhais thú is ná mealltar le straoill thú.

Is dá mbeadh heels ‘gus tops ar mo bhróga a’m ‘gus cóir mhaith a bheith ar na boinn
Óra rachfainn chuile Dhomhnach go dtí an áit a mbeadh an spraoi
Mar ní thóigfeadh an t-aos óg orm gach cor dá gcuirfinn dhíom
Is dá mbeadh mo stór ar cheann an stóil níorbh b’fhada liomsa an oíche.

‘Gus a’ tíocht don Nollaig nach dona í m’obair a bheith ‘síorchur in sa gcré
Mar a bheadh seabhacán ar bharr sceiche nó ar bharr ghlas na sú craobh
Ach mo mhallacht go deo anois a thabharfainnse d’aon neach beo faoin saol
A thógfadh orm a bheith cogarnaíol le stóirín geal mo chléibh.

‘Gus a théagairín ní féidir leat gan duine eicínt a fháil
A nífeas do chuid éadaigh dhuit nó a d’fhuinfeadh do chuid aráin
Ach a phéarla ‘tá breá gléigeal de chích, de chois is de láimh
‘Sé mo léan gan mé faoi shléibhte leat is cead éada ag feara Fáil.