An Spailpín Fánach – Sean Nós na mBan 2014

An Spailpín Fánach

Is a spailpín aerach tréitheach mise ‘s bígí a’ soláthar mná dhom,
Mar scaipfinn an síol faoi dhó san Earrach in éadan na dtaltaí bána.
Mar a scaipfinn an síol faoi dhó san Earrach in éadan na dtaltaí bána,
‘S mo láimh ar an gcéacht i ndiaidh na gcapall agus go réabfainnse cnoic le fána.

‘Gus mo chúig chéad slán le dúthaigh m’athar agus go deo deo don oileán grámhar.
‘S don scata fear óg atá i mo dhiaidh ag baile nár chlis orm in am an ghátair.
Tá Baile Átha Cliath dóite ‘gus tógfar Gaillimh beidh lasair againn ar thinte cnámha.
Beidh fíon agus beoir ar bord ag m’athair sin cabhair ag an spailpín fánach.

‘Gus an chéad lá in Éirinn dár liostáil mise bhí mé súgach sásta.
Ach an dara lá dhár liostáil mise ó bhí mé buartha cráite.
Ach an tríú lá dhár liostáil mise thabharfainn cúig chéad punt ar a fhágáil.
Ach dá dtabharfainn sin is an oiread eile ní raibh mo phas le fáil a’am.

‘Gus bhí mé lá breá ar mhargadh Chill Chainnigh agus tháinig sé go trom ag báisteach.
‘S tharraing mé isteach, chuir mé cúl le balla agus thosaigh mé ag glaoch na gcárta.
Óra glaodh isteach ar bhean a’ leanna ag súil go n-ólfainn mo pháighe,
’S dheamhan deoir dár glaodh as sin go maidin ná raibh thíos in aghaidh an spailpín fánach!

‘Gus bhí mé lá breá thíos i nGaillimh bhí an abhainn ag rith le fána,
Bhí an breac, an eascann ’s an beairtín slat, is chuile ní dhá bhreácha
Ó bhí na mná óga go múinte macánta, siad a bhí tanaí tláth-dheas,
Ach deamhan bean óg dár shuigh mise léi nach gcuirfinn an dubh ar a’ mbán dhi!

Agus b’fhaide liomsa lá i dteach gan charad ná bliain mhór fhada ’s ráithe,
Mar is buachaillín aerach meanmnach mise a bhréagfadh an bhruinneall mhánla.
Dhá bhean déag ’bhí in éad ’s ag iomaí liom ag súil le tairbhe mo láigh!
Sé paidir na caillí nuair a théimse thar an tairseach:
“Now behave yourself a spailpín fánach!”