Úna Dheas Ní Nia – Sean Nós na mBan 2022

Téamaí

Úna Dheas Ní Nia

Dá mbeinn mar a bhí mé lá eicínt, gan aois ná pianta cnámha
Ní choinneodh feara Fáil mé as an áit ina mbeadh mo mhian
Bheinn go síoraí ag dearcadh dealramh is gile deise breáichte
Leis an méid a dtug mé grá di, rinne áras i mo chroí.

Cén t-ionadh na fir óga a bheith ag caint ar bhean i gcónaí
Nó súil le blas a póigín – ‘sí an ógh a bheannaigh Críost –
Ach do dhiaidh ní bheidh mé beo mí, leis an méid a dtug mé grá dhuit,
‘Sé an fál gan mé is tú pósta, a Úna dheas Ní Nia.

An té a d’fheicfeadh í Dé Domhnaigh is í gléasta suas go cóiriúil,
Ba gheall leis an réalt eolais í dul romham amach sa tslí.
Ach ní baol seachmall ná ceo ar bith choíchín ná go deo di,
‘S an ghrian níor scairt sí fós orm chomh mómhar le mo mhian.

Tá a cúilín trilseach fáinneach is é fite i ngar dá cluasa.
‘S a dhá grua mar an rósa is an lile ag briseadh thríd,
Is fada ó gheobhadh na sluaite bás i ndiaidh na stuaire,
Mar an áit ar cheap Dia lóistín dom i dteorainn Inis Nia.

Is dhá mbeadh sí shuas in éifeacht is in inmhe bheith ina chéile
An t-am úd a raibh na Gréagaigh ag goil chun troda leis an Traoi,
Bheadh Héilean gan aon éileamh is ní bhuailfeadh buille ar aon taobh
Is bheadh Páras ina ceann réitigh ag Úna dheas Ní Nia.

Is dhá mba liomsa a bhfuil i bPáras faoi chumhachtaí Bonaparte
Ó shaibhreas Rí na Spáinne is é a fháil ar fad le roinnt,
Níl le pingin dhá mbeadh ar m’fháltas, nach dtabharfainn ina láimh dhi
Ar shúil gur mise an páirtí a bheadh ag Úna dheas Ní Nia.

‘S í Úna mhaiseach mhómhar chuirfeadh bua ar mhná chríoch Fódhla
Le stuaim, is le gean is le córtas, lena háileacht is a gnaoi
Is dhá bhfaighinn mo rogha le tógáil ar mhná breáchta dheas chríoch Fódhla
Sí Úna dheas a roghnóinn i dtosach ar mhná an tsaoil.