Bainne an Ghabhair Bháin – Corn Uí Riada 2017

Bainne an Ghabhair Bháin

I ngort le hais an tí sea do bhíos-sa sealad gan gá,
Dhíolainn-se an cíos trí mhí sula dtagadh an lá,
Bhíodh bacaigh na tíre i’m thimpeall lena gceaintíní stáin,
Is ní shásódh aon dí iad gan braon de bhainne an ghabhair bháin.

‘S tá an baile seo bodhar ag’m ghabhar ó d’imigh sí i ndísc,
Tá na cearca sa chrann is níl baol ná go bhfuil scaipeadh ar na huibhe,
Tá a’ leabaidh fém dhrom, gan dabht, is níor bogadh le mí,
Is nach aimlithe dall é an amhailt atá in éagmais mná tí.

Is minic a bhíos-sa i mo shuí cois na hEasca go sámh,
Bhíodh ba bainne ins mhoing, bhíodh lao agus muca ar a’ bpáirc,
Bhíodh ba beaga ag aoibheall cois an tí is iad ag feitheamh ar mhnáibh,
Is nár cuireasa ariamh puinn suim i mbainne an ghabhair bháin.

Is mo mhallacht a bhéarfainn do éinne beo a leanacht mo shlí
A bhronnfadh a theaghlach ar éinne a mhaireann dá chlainn
Ná coinneodh sé rud éigin dá fhéinig sula rachadh sé in aois
Gan a bheith ina bhochtáinín aonair is gan aon bhraon aige a fhliuchadh a chroí.

A fhir úd thall bí ceansa agus cneasta led’ mhnaoi
Mar gur measa dhuit uait í ná éinne a mhairfeadh dod’ chlainn
Mar dá mbeifeá breoite, tromlag i tú id’ leabaidh i d’luí
Bheadh sí ag d’cheann gan am is í ag bogadh na dí.

A Phádraig Uí Shé, guím séan agus rath ort go brách,
Nuair a dh’insíos mo scéal duit níor baolach ná gur dtuigis mo chás,
Thugais garraí deas cré dhom go raibh féar ann go meigeall ag fás,
Agus seachtain an lae sin scéith sí muga gcúig gcárt.