Mo Chiach Mar Thána – Corn Uí Riada 2016

Téamaí

Mo chiach mar thána an tír seo riamh,
Is gur fhágas Éire go dubhach ‘m dhiaidh;
Mé a’ smaoineamh go dubhach ar an aimsir fadó,
Mar a bhíodh againn ríl ann, ceol, sult agus seó.

Do fuaireas-sa litir ó bhráthair gaoil,
Gluaiseacht go tapaidh anonn thar toinn,
Mar go raibh ór go flúirseach le fáil anso
Is ná cífinn choíche lá crua ann ná bocht.

Is maith is cuimhin liom an mhaidin úd
Fágaint slán ag mo mháthair,‘s sí do bhí go dúch
Muintir an bhaile is iad ag sileadh súl,
‘Slán leat, a Shéamuis, mar ní fhillfir níos mó.’

Do thugas liom mála ina gcuirfinnse an t-ór,
D’fháisceas go daingean córda ar a thóin,
Le heagla go n-imeodh an t-airgead uaim,
Bhíos chun capall a cheannach dom athair agus uan.

Do chuas ansan ar bhord loinge go baoth
Mo mhála ar mo ghualainn is mé ag guíochtaint chun Dé
Mé a thabhairt slán go dtí an dtalamh thar stoirm is gaoth
Mar a mbeinn ‘m dhuine uasal ann an chuid eile dem shaol.

Ach mo léan nuair a dheineamarna caladh sa tír
Ghluaiseas fén gcathair ar shodar gan mhoill
N’fheaca-sa aon ór ar aon chúinne don tsráid
Faraor, bhíos im’ straoile fágtha, ansiúd ar an mbán.

‘S sin mar a chaitheasa an chuid eile dom shaol
Ó bhaile go baile is gan aon duine ar mo thaobh
‘S nuair a thagadh an oíche bhíodh fuar agus fliuch
Ba mhinic mé sínte faoi na coillte amuigh.

Mar sin, téirigh go hÉirinn a óigchailín chiúin,
A bhuachaill bhig éist liom, agus gluais leat anonn,
Mar a bheidh agat réal, lá aonaigh nó púnt,
Cead rince go haerach le chéile ar an ndrúcht.

Is nuair a thiocfaidh ár lá is nuair a lasfaidh an spéir,
Is nuair a ghluaisfidh na sluaite fé bhrat uaithne na nGael,
Go mbeimid an lá san fé ghradam sa bhruíon
Ag ruaigeadh an tSasanaigh damanta thar toinn.