Bean Dubh an Ghleanna – Sean nós na bhFear 2016

Téamaí

Tá bó agam ar a’ sliabh, agus táimse le seal ‘na diaidh
Ó chailleasa mo chiall le nuachair,
Dá seoladh soir is siar ins gach áit dá ngabhann an ghrian
Nó go bhfilleann sí aniar um thráthnóna.
Nuair a fhéachaim fhéin anonn san áit ina mbíodh mo rún
Ritheann as mo shúile sruth deora,
A Rí Ghil na gCumhacht go bhfóirir ar mo shórt
Mar ‘s sí an bhean dubh ón ngleann do bhreoigh mé.

Bean dubh an ghleanna, an bhean dubh do b’fhearra;
Bean dubh ba dheise gáire.
A grua mar an eala is a héadan mar shneachta
‘S a com seang, singil, álainn.
Níl aon ógánach chailce ó Bhleá Cliath go Gaillimh;
Ná as san go dtí Tuaim Uí Mheára;
Ná fuil ag triall is ag tarrac in áil donn a bheith deasa
Ag tnúth leis an mbean dubh álainn.

Gheobhainnse bean sa Mhumhain, tríúr ban i Laighin,
Agus bean ón Rí gil Seoirse.
A iníon na lúba buí do fháiscfeadh mé lena croí,
Bean is dhá mhíle bó léi.
Iníon óg an Iarla tá go tinn, dubhach, diacrach
Ag iarraidh mé do fháil le pósadh.
Ach dá bhfaighinnse fhéin mo rogha de mhná óga an domhain;
‘Sí an bhean dubh ón ngleann mo rogha-sa.

Siúd é thiar mo theach is gan de dhíon air ach an scrath
Is é déanta ar leathtaobh an bhóthair
Is nach sean-chríonna a bhíonn an bheach
Deineann sí ann a nead le brí ‘s le teas an Fhómhair.
Nuair a chríoníonn an tslat ní fhanann uirthi aon mheas
Ach ag tnúth leis an duilleoigín is óige
A chailín phlúr dheas a d’imigh uaim go pras
Mo chúig chéad slán go deo leat.