Cailín na Gruaige Doinne – Amhráin in Ansa Liom

Téamaí

Cailín na Gruaige Doinne

Ar bhántaibh an tSróil ‘sea dh’fhágas mo stór.
Is a máithrín ag gleo gan dabht léi:
I dtaobh a grá a thabhairt dom shórtsa d’fhánaí gan treoir,
‘S gan carn buí óir i gcabhair liom.

Is ba pháiste bhí óg gan dabht í,
‘S nach ró bhreá mo shórt ag geáitseáil ar bord, 
Le cailín na gruaige doinne.

Is fán-lag a bhím idir Daingean is Trá Lí, 
I ngaorthaibh go dtagann an Samhradh.
Agus glór loin go síoch, i mbarr bile crainn, 
A ráiteachas fíor do mheall mé.

A Dhia ghlé ghil a chíonn tréanmhuir is tír, 
Nár ligir i gcill go fann mé,
Ach an péarla ‘tá ‘m chroí go ligir ‘m líon, 
Sin í cailín na gruaige doinne.