Tá Bó Agam ar Shliabh – Sean Nós na bhFear 2014

Tá Bó Agam ar Shliabh

Tá bó agam ar a’ sliabh agus táim le seal ‘na diaidh
Ó chailleas-sa mo chiall le nuachar.
Dá seoladh soir is siar ins gach áit go dtéann an ghrian,
Nó go bhfilleann sí aniar um thráthnóna.
‘S nuair a fhéachaim fhéin anonn san áit ‘na mbíodh mo rún,
Ritheann as mo shúile sruth deora.
A Rí Gil na gcumhacht, go bhfóirir ar mo shórt
Mar ‘sí an bhean dubh ón ngleann do bhreoigh mé.

Bean dubh a’ ghleanna, an bhean dubh do b’fhearra;
Bean dubh ba dheise ag gáire.
A píb mar an eala, is a héadan mar shneachta
‘S a com seang, singil, álainn.
Níl aon ógánach chailce ó Bhleá Cliath go Gaillimh;
Ná as san go dtí Tuaim Uí Mheára;
Ná fuil ag triall is a’ tarrac ar eachaibh donna deasa;
Ag tnúth leis an mbean dubh álainn.

Gheobhainnse bean sa Mhumhain, triúr bean i Laighin,
Bean ón Rí gil Seoirse.
Iníon na lúba buí do fháiscfeadh mé lena croí,
Bean is dhá mhíle bó léi.
Iníon óg an Iarla tá go tinn, dubhach, diacrach
Ag d’iarraidh mé d’fháil le pósadh.
Ach dá bhfaighinnse fhéin mo rogha de mhná deasa an domhain;
‘Sí an bhean dubh ón ngleann mo roghasa.

Siúd é thall mo theach is gan de dhíon air ach an scrath
Is é déanta ar leath thaobh an bhóthair
Is nach seana chríonadh a bhíodh an bheach
Ach a dheineadh sí ann a nead
Le grian is le teas an Fhómhair.
Nuair a chríonaíonn an tslat ní dh’fhanann uirthi aon mheas
Ach a tsnúth leis an duilleoigín is óige
A chailín phlúirigh dheas a dh’imigh uaim go pras
Mo chúig chéad slán go deo leat.
(Chuadar ag ól)