Cailín na Gruaige Doinne – Sean Nós na bhFear 2013

Téamaí

Ar bhántaibh an tSróil ‘sea dh’fhágas-sa mo stór.
Is a máithrín ag gleo gan dabht léi:
I dtaobh a grá a thabhairt dom shórtsa d’fhánaí gan treoir,
‘S gan cairn buí óir i gcabhair liom.
Sí an bháb mhiochair bheoil chuir léas ar mo sceol,
Ba pháiste bhí óg gan dabht í,
‘S nach ró bhreá mo shórt ag geáitseáil ar bord,
Le cailín na gruaige doinne.

Is fán-lag a bhím idir An Daingean is Trá Lí,
I ngaorthaibh go dtagann an Samhradh.
Agus glór loin go síoch, i mbarr bile crainn,
A ráiteachas fíor do mheall mé.
A Dhia ghlé gil a chíonn tréanmhuir is tír,
Nár ligir i gcill go fann mé,
Ach an péarla ‘tá ‘m chroí go ligir ‘m líon,
Sí cailín na gruaige doinne.

Ba bhreáithe ar a gnaoi ná Bhénus is an flíos
Thug Aron ar loing anall leis
Is ná Deirdre do bhí ag Naois mar chéile faraor
Le na claon-gheasa draíocht’, a mheall é.
Is ná Diana an ghrinn do réidheas gach slí
An laoch mear nár claíodh i dteannta
Sí mo ghrá í, sí mo chroí, sí an t-aon duine a bhíos
Sí cailín na gruaige doinne.

Neosfad mo stair dom mhuintir ar fad
Cé gur cloíte go lag gan mheabhair mé
Mé bheith ag feitheamh ‘is ag brath is ag tnúth le bheithí theacht
Am éigin is maidin Domhnaigh.
Rince go pras, aoibhneas ná cleas
Ní chuimhním le easpa meabhrach.
Ach mo chroí istigh dhá shlad le dian-dhíogras searc
Do chailín na gruaige doinne.

Is tréith lag a bhím gan éinne dem bhuíon
A dhéanamh aon tsuim sa domhan díom
Ach is baolach dá bhrí go n-éagfad gan mhoill
Am éigin gan brí mo mheabhrach.
Le saor-guth a gcinn léimid aníos
Na héisc ar linn ag leabhaireacht,
Is cé gur bhreáthacht mar bhí, ní shásódh mo chroí
Gan cailín na gruaige doinne.