Píopa Ainde Mhóir – Sean Nós na mBan 2019

Amhránaí

Píopa Ainde Mhóir

Agus bhí mé oíche thiar i dTír a’ Fhia is mé ag tíocht ó cheol,
Chruinnigh an ceo i mo thimpeall ‘s níor léir dom aon tsórt,
‘Gus thabharfainn lán an Bhíobla gur tornóg a bhí ar an gcaolach
Leis an deatach a bhí os mo chionnsa ag píopa Ainde Mhóir!

‘Gus mo bheannacht le gaoth agat síos, a Ainde Mhóir,
Do mhac go dtige in inmhe ‘gus lao go raibh i do bhó,
Mar is tusa rinne an píopa ba fairsing a bhí sa tír seo
Is ní chaithfear ráithe an gheimhridh nó go ndéanfaidh mé dhi spóirt!

Agus siúd í an bhean a líon é is ní le tuí é ná le móin
Chuir sí naoi bpunt síos ann ‘gus píosa den duilleog,
Cailleachaí na tíre ‘gus chruinnidís ‘na thimpeall
Is gheobhaidís ar fad fuílleach i bpíopa Ainde Mhóir!

Is ag tíocht ó hInis Ní dhom le lucht caorach agus bó
Maidin gharbh gheimhriúil ‘s é gaofarach go leor,
Ag goil trí Thonn Uí Fhloinn dhúinn sea thosaigh an bád ag líonadh
Is nárbh ait an galún taosctha a rinne píopa Ainde Mhóir!

Agus bhí mé amuigh ar aonach i gCill Bhríde is mé ag ól,
Comhluadar maith ‘mo thimpeall ‘s riar maith ceoil,
Bhí beirt istigh as Luimneach ann is an stil mór acu líonta
Nuair a d’fhiafraigh an tseanbhean aosta b’shin é píopa Ainde Mhóir?’