Casadh an tSúgáin – Corn Uí Riada 2022

Amhránaí

Téamaí

Casadh an tSúgáin

Gus thíos i Sligeach a chuir mise eolas ar na mná,
Gus thiar insan mbaile seo a d’ól mé leo mo sháith,
Ar bhrí mo mhaide mura stopa sibhse feasta amhlaidh seal mar atá,
Go n-imreoidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.

Gus d’imir mise cleas i dTigh Mhac Uí Dhomhnaill aréir,
S an darna cleas sa teach a bhí go dlúth lena thaobh,
S an tríú cleas, cén mhaith dhomsa a chur i bhfad eile i scéal?
Chuir an chailleach amach mé le casadh an tsúgáinín féir.

Gus cé’n cat mara a chas isteach ins an áit seo mé?
Gus a liachtaí bean óg sa mbaile a d’fhága mé i mo dhiaidh?
Mar gheall ar throid is ar bhruíon is ar rud nár shanntaigh mé
Muise, seanbhó bhreac gus óinseach caillí a bhí gan chéill.

Gus chuirfinn gus threabhfainn gus chraithfinnse síol go domhain sa gcré,
Gus sheolfainnse ba san áit is airde a bhfásann féar,
Chuirfinn crú ar an each is lúfaire, is corraí’ is airde a chaithfeadh léim,
S nach bpósfaí bean le fear nach ndéanfadh an méid sin fhéin?

Gus tháinig mise isteach i dteach dhá uairín roimh an lá,
Bhí bean óg ar meisce ann is cúl a cinn fúithi ar chlár,
Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal, uasal ná go hard,
Nó gur chuir mé cois lena cois agus bhogamar an súistín bog bán.

S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar a phógfaí a bhéal?
Gus an cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a sheolfaí é?
Tá iníon na caillí stoithnithe, gliobaithe, cataithe, pioctha, pósta ó aréir,
S tá mo ghrá-sa sa mbaile is gan duine aici a phógfadh a béal.

S má bhíonn tú liom, bí liom os comhair a lán an tí,
S má bhíonn tú liom, bí liom de ló gheal is d’oíche,
S má bhíonn tú liom, bí liom gach orlach de do chroí,
Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.