Coinleach Glas an Fhómhair – Sean Nós na mBan 2017

Amhránaí

Coinleach Glas an Fhómhair

Nach ar choinleach ghlas an fhómhair, a mhuirnín, sea dhearc mé thú,
Ba deas do sheasamh i mbróigín is ba ró-dheas é do leagan súl,
Do ghrua ba deirge ná an rósa is bhí do chúilín fite dlúth,
Sé mo léan gan mé is tú pósta is ar bhord loinge is muid ag goil anonn.

Agus cuirimse na bróin ar an óigbhean nár fhan mar a bhí
Nach deas mar a chasfainn ceol dhi chuile oíche Dhomhnaigh ismé ag tuar na lín,
A com ba gile ná an síoda ná síoda ná clumhach na n-éan
Nach trom an osna a dhéanaim san am a smaoiním ar mo mhuirnín féin.

Is a Mháire a dtug mé grá dhuit, sé mo léan ghéar gan mé agus tú
Ar oileáinín rúin Phádraig áit nach snámhann ann bád ná long,
Is óra chaithfinnse naoi lá leat, naoi dtráth gan codladh ciúin,
Ar shúil is go bhfaighinnse sásamh ar a ndearna tú go mhagadh fúm.

Agus chuir mise litir scríofa ag mo ghrá bán is casaoid chrua
Nár chuir sí agam arís í is bhí mo chroí istigh chomh dubh le gual,
Nuair a léigh mé í go cúramach bhí na deora ag sileadh liom
Ach mí ní beo mé mura bpósadh mé ainnir na gcuach.

Nach cuma liomsa fhéin céard a bhéas aon fhear ag lua ná ag rá
Ach tabharfaidh mé cuairt is céad ar an taobh dhíom a mbíonn sí ann.
Mar sí cuaichín bharr na gcraobh í, sí meidhreoigín an bhrollaigh bháin
Sí rún is searc mo chléibh í, is ní shéanfad í nó go bhfaighe mé bás.