Mailsín Chnoc an Easa – Corn Uí Riada 2018

Amhránaí

Mailsín Chnoc an Easa

Lá dhá rabhas ar shliabh i lár na tíre ag triall
Casadh an stáidbhean romham sa mám, ba deis is b’áille rian,
Nach dubhach mar atáim i do dhiaidh, dóite báite, brúite i bpian.
Ach go lá mo bháis níl gar a’ trácht, mar mo leigheas ó leá ní bhfaigheadh.

Ba deas a bróg sa tslí a cois nár mhór is nár chaol,
Sé mo dhóigh gur milse a póg ná mil dhá reo ar fhíon,
Ba bhinne glór a cinn ná na ceolta sí,
An aoileann óg a chloí is a bhreoigh mé is a d’fhág na sluaite i gcill.

Tráth dhá dtéigheann chun siúl ‘s seang ‘gus caol a com
Ba gile a taobh ná sneachta ar shliabh ná taitneamh gréine ar lom.
A cuid mallaí caol gan ghruaim, rosc mar réalt ar dhrúcht.
Sháraigh an scéimh ar mhná an tsaoil is a Mhailsín éalaigh liom.

‘Gus gheobhadh fios mo scéil ó rí-bhean deas na gcraobh
Bainis oíche ar rachta buí a scaipfeadh roinnt don chéill.
Helen a bhí sa nGréig sháraigh sí le scéimh,
A grua mar caor ‘s a suan chorp chaoin tá fuascailt rí ó phéin.

De Chlann Dhonncha ón gCéis, Mailsín Bhán na gCraobh,
Ainnir caoin an bhrollaigh mhín, is gile a píob ná an t-aol.
A cuid mamaí díonmhar géar, as ucht a croí is a cléibh,
A cneas chomh caoimh, le eala ar toinn, ‘sí d’fhága i lionndubh mé.

‘Gus fáilte an tsaoil ar fad roimh phlanda an tséin ag teacht,
‘Sí nach dtiubharfadh náire dhúinn ar láthair cúis i gceart.
Cúpid na n-ór fholt deas, glúineach lúbach geal,
Níl file ó Thuaim, go hÁrainn nua, a cháinfeadh thú gan cead.

Mo mhallacht go deo ar cheann, ‘gus mallacht Dé as a ceann.
D’aon fhear in Éirinn a thóigfeadh spré le plúr na gcraobh Loch Fheabhal,
Mar is siúd í fhéin mo roghain, uilig thar mhná breátha an domhain,
Fios mo scéil, ná póg a béil nach bhfuair mé ó mo roghain.

‘Gus chuala mé dhá rá ag sagart Uachtar Ard
Go raibh long ‘gus céad ag mac Rí Gréige ag tíocht gan bhréag anall.
Fá thuairisc scéimh na mná a chualas an saol a cáil,
Cuach na féile in uaigneas sléibhe, ‘sé an trua gan mé leat ann.