Coinleach Glas an Fhómhair – Corn Uí Riada 2022

Amhránaí

Téamaí

Coinleach Glas an Fhómhair

Nach ar choinleach ghlas an fhómhair, a mhuirnín, sea dhearc mé thú,
Ba deas é do sheasamh i mbróigín is ba ró-dheas é do leagan súl,
Do ghrua ba deirge ná na rósa is bhí do chúilín fite i dlúth,
Sé mo léan gan mé is tú pósta is ar bhord loinge is muid ag dul anonn.

Agus cuirimse na bróin ar an óigbhean nár fhan mar a bhí
Is nach deas mar a chasfainn ceol dhi chuile oíche Dhomhnaigh is mé ag tuar an lín,
A com ba gile is ba míne ná an síoda is ná clumhach na n-éan
Is nach a trom é an osna a nímse san am a smaoiním ar mo mhuirnín féin.

Is a Mháire a dtug mé grá dhuit, sé mo léan ghéar gan mé ‘gus a tú
Ar oileáinín rúin Phádraig áit nach snámhann ann bád ná long,
Is óra chaithfinnse naoi lá leat, naoi dtráth gan a codladh ciúin,
Ar a shúil is go bhfaighinnse sásamh ar a ndearna tú go mhagadh fúm.

Agus chuir mise litir scríofa ag mo ghrá bán is casaoid chrua
Is nár chuir sí agam arís í is bhí mo chroí istigh chomh dubh le gual,
Nuair a léigh mé í go cúramach, is a bhí na deora ag sileadh liom
Ach a mí ní beo mé mura bpósadh mé ainnir na gcuach.

Is nach a cuma liomsa fhéin céard a bhéas aon fhear a lua ná rá
Ach tabharfaidh mé cuairt is céad ar an taobh dhíom ina mbíonn sí ann.
Mar sí cuaichín ó bharr na gcraobh í, sí meidhreoigín an bhrollaigh bháin
Sí rún is searc mo chléibh í, is ní shéanfad í nó go bhfaighe mé bás.