Úna Bhán – Corn Uí Riada 24
Amhránaí
Úna Bhán
‘S a Úna Bhán nach gránna an luí sin ort,
I gcónra chaol chláir i measc na ntáinte corp,
Mar a dtaga tú le fóir orm a phlanda óg a bhí riamh gan locht,
Ó ní thiocfaidh mé an turas go brách ach an oíche anocht.
Is a Úna Bhán ba rós sa ngairdín thú,
Mar chláirseachín cheoil
A’ dhul romham sa mbóthar thú
Mar coinnleoir óir ar bhord na banríon thú
‘S é mo léan dóite is níor pósadh le do ghrá geal thú.
‘S a Úna Bhán nach tú a chuir scaipeadh ar mo chiall
Is óra Úna Bhán nach tú a chuaigh idir mé ‘gus Dia
Óra Úna chraobh chumhra lúibín casta na gciall
Nárbh fhearr dhomsa a bheith gan súile ná thú a fheiceáil ariamh.
‘S dhá mbeadh píopa fada cailce a’m ‘s tobac a bheith ann,
Óra shuífhinnse síos nó go gcaithfinn dhe mo sháith,
‘S maith a d’inseoinnse dhaoibhse, cé gcónaíonn Úna Bhán,
I gCill Bhríde ‘tá sí sínte mo chreach ‘s mo chrá.