Carraig Aonair – Sean Nós na bhFearr 2022

Téamaí

Carraig Aonair

Ó Luan dubh an áir tháinig suaimhneas róbhreá
‘Gus do ghluaiseadar uaimse leath-uairín roimh lá
Ag iascaireacht i mbád, i gcontúirt a mbá.
‘S beidh iarsma na bliana úd i mo dhiaidh go bhfaighead bás.

‘Sé Dónal mo mhaoin an té ab óige dem chlainn,
Agus coicís ón lá san sea a tháinig sé i dtír
Gan tapa, gan bhrí, gan anam ‘na chroí
Ach a ghéaga boga gheala is iad leata ar a dtoinn.

‘Sé Cormac mo stór, ‘sé rogha na bhfear n-óg
A bhí modhúil maiseach múinte géarchumtha go leor.
Do scríobh sé ar a’ gcóir leis an mbúcla bhí ina bhróig
Gurbh í Carraig Aonair a chéile go deo.

Tá duine eile dom chlainn nár thráchtas air puinn
Finín mo chúngracht, ceann cothaithe chun tí.
Thugadh an fia leis ón gcoill ,is an bradán ón linn,
Fideoga dubh an tsléibhe, is gan bhréag an chearc fraoigh.

(‘Sé Cormac mo stór, ‘sé rí na bhfear n-óg
Do bhí modhúil maiseach múinte géarchumtha go leor.
Do scríobh sé ar a’ gcóir leis  an mbúcla  a bhí ina bhróig
Gurbh í Carraig Aonair a chéile go deo.)

Ó ’s iníon óg mo chroí, ná goilse ‘gus ná caoin
Mar gheobhaidh tú togha an nuachair a dhéanfaidh rómhar duit is crích
Ach ní bhfaigheadsa mo mhian, ná mo thriúr d’fhearaibh groí
Ná mo cheathrar breá meidhreach de lúbairí groí.

’Sí an Nollaig seo chugainn an Nollaig gan fonn
Ar mo cheathrar breá brollaigh-gheal tá fé shruthaibh na dtonn.
Dá bhfaighinnse mo thriúr, ’tá go doimhin ins an úir,
‘S ró-bhreá do shínfinn agus do chaoinfinn iad siúd.

Ó is a chlann óg mo chroí, nó an cuimhin libh mar a bhí?
Bhur n-athairín bocht fhéinig ag géarghol is ag caoi
‘Na chuaille throm críonna i gcúil fuar an tí
Is bhur ndlúthchairde fhéinig ag cásamh mar a bhím.

Ar mo ghlúna nuair a théim isteach chun tigh Dé,
Nuair a fheicim ar an gcúinne , bhíodh mo thriúr ann ag leámh
Tagann greim i mo thaobh nach leigheasfear le mo ré
‘S a Dhia mhór nach trua mé ‘s gan fuascailt ar mo phéin

Nuair a théimse ar an gclaí, nuair a bhfeicim uaim síos,
Nuair a chím Carraig Aonair pléascann mo chroí.
Ar ais liom arís go mullach mo thí,
Ós is í Carraig Aonair is céilí dom chloí.