An Caiptín Ó Máille – Corn Uí Riada 2023
Amhránaí
Téamaí
An Caiptín Ó Máille
An chéad lá de mhí an Fhómhair sea chroch muid na seolta,
‘s muid a tarraingt ar na cóstaí go Tóin an Mhionnáin siar,
Mar gur thart anseo le Cliara ‘gus Acaill Bheag taobh thiar di,
‘S go hlnis Torc ár dtriall, agus aoireacht chruinn againn ann;
Muise thart le Rinn an Mhaoile agus síos le Cruach na Caoile,
An Cloigeann lena thaobh sin agus Trá Bhríde ina dhiaidh,
Mar gur dhoirt muid le fána, tríd an fharraige ‘gus í ag cáitheadh,
‘S go ndeachaigh muid don Ráithe, mar is ann a bhí ár dtriall.
Ó is ag síneadh dhúinn le Árainn, ó mhéadaigh ar an ngála,
Is bhí cúrsa istigh ar thráth againn is ní mba tráth faillí é;
Mar gur ardaigh sé chun feochan , as sin chun gaoithe móire,
Nuair a chrochamar na seolta, níor mhór dhúinn é in am;
Is an fharraige gur léim sí agus las na tonnta tréana
Mar a chruinnigh ar na spéartha agus mhéadaigh ar an gceo
‘S dá mbeadh caint ag cuid clára, ‘séard go n-inseoidís scéal cráite
A ghoireacht is chuaigh an bás dúinn is gan eadrainn ach iad.
Bhí criú na loinge ar aon chor is iad ag faire ar chlár m’éadain,
Iad ag súil le cabhair a dhéanamh agus gan aon mhaith dóibh a bheith ann,
Is a dhúirt mé leo ar aon chor go ndéanfainn dhóibh a bhféadfainn,
Ag iompar a cuid éadaigh an fhad is ab fhéidir leí snámh.
‘S tá mo dhá láimh stróicthe go síoraí ag tarraingt rópaí,
Tá an craiceann is an fheoil, tá siad bailithe amach on gcnáimh
Más é an bás a gheall Mac Dé dhom, cén mhaith atá dhá shéanadh
Ach a ghoil go flaithis Dé dhom in aon stáitse amháin.