An Gabha Ceártan – Corn Uí Riada 2010

Téamaí

An Gabha Ceártan

Agus chaith mé bliain is rátha
Is mé i mo ghabha ceártan i gCúige Laighean
Mar tuairisc mo ghrá ní bhfuaireas
Nó go dtáinig mé ar m’ais arís
‘Gus tá an saol seo ar fad cráite
Agus ní áirímse mo mhuintir fhéin
Is ar an gcnoc sin thall atá m’áras,
Is ar an bPápa ní cheilfead é.

Agus siar a bhíonn mo bhealach
Agus is fada uaidh sin grá mo chroí
Ó sí gile í an chúilín péacach,
Is ina diaidh seo ní bheidh mé beo
Is tharraingt tú milleán mór orm
Is a mhíle grá geal ní maith leat é
Ó is naoi n-uaire nár bhfearr liom pósta leat,
Go mór mór ná a bheith i bhflaithis Dé.

Agus tuige nach dtagann tú lá éicint,
Agus mé fháil uaidh mo mhuintir fhéin?
Nó tuige nach dtagann tú lá ar bith
‘S tóig leat mé ar fad dhuit fhéin
Mura mbeidh siad sásta leis an gcás seo
is é a fheiceáil réidh
Ó is déanaigí cónra chláir dhom
Agus fágaidh mé go domhain sa gcré.

Ó is díomá ó Rí an Aoine
Don té a dhíbir mo ghrá i bhfad uaim,
Is níl goir agam dul ina gaobhar
Aon Dé hAoine nó go moch Dé Luain.
Is dhá mbeadh sé ina stoirm thintrí
an oíche ag cur seaca aduaidh,
Le mo ghrá dhá bhfaighinn cead síneadh
Is bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan.