An Spailpín Fánach – Corn Uí Riada 2010

An Spailpín Fánach

Is mo Spailpín Fánach a fágadh mise
is bígí soláthar mná dhom,
Is go scaipfinn an síol faoi dhó san Earrach
in éadan taltaí bána,
Ó is scaipfinnse an síol faoi dhó san Earrach
in éadan taltaí bána,
Is mo láimh ar an gcéachta is mé i ndiaidh na gcapaill
agus réabfainn cnoic le fána.

Is bhí mise lá is mé ar mhargadh Chill Chainnigh
Is tháinig sé go trom ag báisteach
Is tharraing mé isteach is chuir mé cúl le balla
agus thosaigh mé ag glaoch na gcárta.
Ó is glaodh isteach agam bean an leanna
le súil is go n-ólfainn mo pháigh
Ach deamhan sin deoir dár glaodh go maidin
nach raibh thíos in aghaidh an Spailpín Fánach,

Is tá Bleá Cliath dóite ‘gus tógfar Gaillimh,
beidh lasair ann ar thinte cnámha,
Beidh an fíon agus beoir ar an mbord ag an mbainisteoir
le cabhair i ndiaidh an Spailpín Fánach.

Agus bhí mé lá agus mé thíos i nGaillimh
‘gus an abhainn ag goil le fána,
Bhí an breac ‘s an eascann ‘s an beairtín slat ann
is chuile ní dá bhreátha,
Ó bhí mná óga ann bhí múinte meanmnach
Agus siad a bhí tanaí tláithdheas,
Ach dheamhan sin bean dá shuífinn léi
nach gcuirfinn an dubh ar a mbán di.