Liam Ó Raghallaigh – Corn Uí Riada 2016

Liam Ó Raghallaigh

‘S an cuimhneach libhse an lá siúd a raibh an tsráid seo lán do eachtraí
Ag na sagairt ‘s ag na bráithre agus iad seo ag trácht ar an mbainis.
Bhí an fhidil ar clár ann agus an chláirseach ‘s í dhá spreagadh,
Agus triúr de na mná bána le haghaidh mo ghrása a thabhairt abhaile.

‘S in mo bhaintreach ‘gus in mo mhaighdean sea fágadh mé go hóg,
‘Gus tabhairigí scéala ag mo mhuintir gur báthadh mo mhíle stór.
Is dá dtéinnse sa mbád an lá sin agus mo dhá láimhín a bheith agam sa scód,
‘S m’fhocal duit a Liam Ó Raghallaigh gurbh é an tost a bheadh in áit an bhróin.

Is tá do shúile ag na péiste is do bhéilín ag na portáin.
Tá do dhá láimhín glan glégeal iad faoi ghéarsmacht na mbradán;
Mar gur chúig phunt sea thabharfainn don té a thógadh suas an cás dom
Ó is chuaigh tú ag an trá an lá siúd agus leat ba chóra a thíocht abhaile.

Is ní hionadh liom thú a Liam Ó Raghallaigh agus tú in do chliamhain ag an rí,
Nó na cuirtíní geala glégeal agus iad timpeall ort san oíche
Ó maighdean ciúin céile ag réiteach a cinn,
Ó sé an trua ghéar thú a bheith i t’aonraic a Neilí ghlégeal Nic Shiúrtáin.

Is mo dhíomú do na saothra a rinne an bád
Nár aithris siad dhom fhéin go raibh an t-éag ins na cláir
Dhá dteithfeá go Coilltí Eochaill agus an t-adhmad a cheannacht daor,
‘Gus ní bháfaí mo Liam Ó Raghallaigh ar chóstaí Malbay.