Amhrán an Tobac – Sean Nós na bhFear 2013

Amhrán an Tobac

Chuir mise litir Ghaeilge ag de Valera isteach sa Dáil
Bhí neart aige le léamh inti faoin dlíú atá san áit
Rud a chleacht mé riamh ’chuile oíche mo phíopa a choinneáil lán
Ach anois tá sé ar a’ teallach a’am is níl aon ghráinn’ a’am le cur ann.

Mar ba luibh é an tobac beannaithe a bhí a’ fás ó thús a’ tsaoil
Do rud a bhí chomh laethúil leis sé’n feall é a chur de dhíothú
Nárbh fhearr dhuit bleaist ar maidin dhó ná mil na mbeach ar bord
Ach ó leagadh coróin an cheathrú air níl aon fhear in ann dó.

Is dhá mbeadh píosa dhe in do phóca a’at nó ar cheann a’ stóil le t’ais
Dhá mbeadh brón ná briseadh croí ort bhí sé in ann thú a thabhairt ar ais
Dhá ngabhfá amach sa ngarraí ligfeá deatach dhe le gaoth
’S nach gcuirfeadh sé ar an eolas thú le do ghnaithe a chur ’un cinn.

‘S nuair a smaoiním féin ceart air cois a’ teallaigh is mé liom féin
Mar an t-am a mbínn dhá ghearradh chuirinn cangailt dhe i mo bhéal
Ach anois níl blas le déanamh a’am ach mo cheann a chromadh fúm
Is go bhfuil uisce ag tíocht ó m’fhiacla is ó mo ghialltrachaí le dúil.

’S nach mór an trua na seandaoine atá sa mbaile tinn
Ina luí ar a gcuid leaprachaí is gan éirí ar bith ina gcinn
Mar leigheasfadh sé pian droma dhóibh, dó croí ’gus tinneas cinn
Is nárbh é sláinte ’chuile mhaidin é dhá ghearradh lena scian.

‘S nach é an trua ghéar nach bhfuil a fhios a’am cén áit a bhfuil sé a’ fás,
Dhá mba ar mo ghlúine shiúlfainn é is nach bhféachfainn a ghoil ann
Ní stopfainn is ní chónóinn ní sheasfainn in aon áit
Nó go dtugfainn chugaibh scéala cén fáth é a bheith chomh gann.

Ach casadh fear ar maidin dhom is bhí an páipéar ina láimh
Léigh sé amach na litreachaí a bhí priondáilte ar a bharr
Nuair a thiocfas ráithe an Earraigh beidh tobac le fáil ’s ’chuile áit
Beidh sé ar phingin an píosa nuair a bheas an ‘budget’ lán.