Taobh Thall do Chlaí na Teorann – Sean Nós na bhFear 2014

Téamaí

Taobh thall de chlaí na teorann atá mo stóirín’s mo mhian,
A bhfuil srumh den fhuil mhór innti a thógfadh an dólás go mo chroí.
Cuirim impí ar an Domhnach mura beo do bheinn ach mí,
Seal fada go raibh do chónaí ar urlár mo thí.

Is níl oíche dhá dheacra ná maidin dhá mhéad,
Nach raibh mo shúil leat abhaile go meán-oíche aréir.
A Rí geal na gcarad nach deacrach mo scéal,
Mo chumann leat caite nó go síntear mé i gcré.

Is mar a éiríonns an ghealach ’sea a scalanns an ghrian,
’S mar a bhíonns an lánmhara téann an fharraige siar,
Tusa a bheith san Tuircéis agus mise a bheith sa nGearmáin,
’S go n-éalóchainn ina léine le péarla an chúil bháin.

Chuaigh mo ghrá an bealach go deireanach aréir,
’S níor tháinig sé isteach agus mise liom féin.
Níorbh é sin do ghealladh tá a fhios agat fhéin,
’S má ghníonn tú mo mhalrait nár thé tú ar dheis Dé!

‘Sé an trua gan mé i mo mháta nó i mo chaiptín ar long,
Nó i mo phabhsae dheas aerach atá ar Shliabh na mBan Fionn.
Chealgfainn agus bhréagfainn í péarla an chúil doinn,
’S nár ró-dheas an féirín í dhá n-éalaíodh sí liom.

Gheall mo stór céad dhom agus dhá mhíle bó,
Marcaíocht pléisiúrthaí agus aeir an bhaile mhóir,
Na ba a bheith ag géimnigh agus na laonnta ag diúl,
Is a phéarla an bhrollaigh ghléigil nach leat a lig mé mo rún.