An Bhruinnillín Phéacach – Sean Nós na bhFear 2017

Téamaí

An Bhruinnillín Phéacach

’S a bhruinnillín phéacach is tú a mhéadaigh an osna in mo lár,
Is gur le ceol binn do bhéilín a d’fhág tú na céadta fear maith leat i ngrá,
Do dhá shúil agus do bhéilín is do scéimh a bhí deas macánta tláth,
Is mór a thaitníonns do mhéin liom ’s ní fhéadfainn leat scaradh go brách.

’S nach mise an fear cúthail ag siúl cúigí ’s gan aithne orm ann,
A’ cur tuairisc mo stóirín tráthnóna is go moch leis an lá,
Ag Dia atá na cumhachtaí is níor shiúil sé fear eile ní b’fhearr,
Is a stór ná tabhair cúl dhom is tú an chúilfhionn a dtug mé dhi grá.

Ná pós an fear óg go deo a mbeidh aige an dá chroí,
A mbeidh nóta chúig phunt ólta aige ó mhaidin go dtiocfaidh an oích’,
Más tusa mo stóirín seo póg dhuit amach ó mo chroí,
Is ó shiúil tú chomh mór sin tóig lóistín go ligfidh tú scíth.

Agus gheobhainn togha céile dhom péin dhá mbeinn feiliúnach dhó,
Bean ina léine gan éadach caora ná bó,
Saibhreas na hÉireann ní gach aon duine a b’fheileann sé dhó,
Is dhá mba liomsa dhom péin é óra bhéarfainn é d’fhear an chroí mhóir.

‘S bhí mise i gcion mhór ag mo stóirín seal fada den tsaol,
‘Gus shíl mé go deo deo nach dtógfadh sí na cathuighthe dhíom,
Bhéarfainn mo mhóide ar mo ghlúine sula n-éireoinn in mo shuí,
Ach sí a bhain díom an óige, an pósadh, ’gus dhubh sí mo chroí.

’S nuair a thiocfas an Bhealtaine óra fásfaidh barr glas ar an b’fhéar,
’S nuair a thiocfas an samhradh beidh muid ag éisteacht le ceol binn na n-éan,
Tá crann ins an ngairdín a bhfásann air bláth na sú craobh,
Is beidh mo stóirín ar láimh liom óna máithrín má thigeann liom é.

Is a stóirín mo chléibh ’sé mo léan nach dhom atá tú i ndán,
Is nach luaitear na céadta le chéile nach bpósann go brách,
Nó go n-athróidh na sléibhte is go dtréigfidh an eala a clúmhach bán,
Ní inseochad go héag dhaoibh cén réasún a dtug mé dhi grá.