A Sheáin Bháin Beir Orm – Sean Nós na BhFear 2023

Téamaí

A Sheáin Bháin Beir Orm

Nach deas a d’fhás an coiricín, nach deas a d’fhás an círín,
Nach deas a d’fhás an coiricín ar choileach Sheáin Uí Ghríofa ?

’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s a Sheáin Bháin, bréag mé,
’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s tabhair sa gcoca féir mé.

Shiúil mise Sasana, ‘s an Fhrainc uilig fré chéile,
Ach ní fhaca mé aon sliobaire chomh dearg le do chírín.

’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s a Sheáin Bháin, bréag mé,
’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s tabhair sa gcoca féir mé.

Nach é deas an baile  baile seo, nach deas an baile Maoras,
Nach deas an baile chuile bhaile ach Claidhneach Glas na bhfaochan.

’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s a Sheáin Bháin, bréag mé,
’S a Sheáin Bháin, beir orm, a tabhair sa gcoca féir mé.

Is ná mo ghoirm má tá tú ag imeacht uaim , is mo mhíle slán go deo leat,
Nár dheas mar a chuirfinn fataí dhuit níos fearr ná a bhainfinn móin dhuit.

’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s a Sheáin Bháin, bréag mé,
’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s tabhair sa gcoca féir mé.

Nach olc an t-am a d’imigh tú ’s an fómhar ann go díreach,
‘S gan aon duine ar an mbaile seo ná bean óg le thú a chaoineadh.

’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s a Sheáin Bháin, bréag mé,
’S a Sheáin Bháin, beir orm ,a tabhair sa gcoca féir mé.

Is cuma liom cé rachas tú ’s cuma liom cé mbíonn tú,
Is cuma liom cé rachas tú ach thú a bheith agam san oíche.

’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s a Sheáin Bháin, bréag mé,
’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s tabhair sa gcoca féir mé.

’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s a Sheáin Bháin, bréag mé,
’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s, nár phóg tú aréir mé.

’S a Sheáin Bháin, beir orm ’s a Sheáin Bháin, bréag mé,
’S a Sheáin Bháin, beir orm , a tabhair sa gcoca féir mé.